Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Úsáid agus Infheictheacht na Gaeilge ar na Meáin Chraolta: Plé

Mr. Muiris ? Fiannachta:

Gabhaim buíochas leis an choiste as ucht an cuireadh teacht os comhair an choiste inniu le labhairt mar gheall ar Raidió na Life agus an tábhacht, dar linn, a bhaineann le hinfheictheacht agus inchloisteacht na Gaeilge ar na meáin chraolta.

Stáisiún raidió deonach lán-Ghaeilge atá ag craoladh i mBaile Átha Cliath agus na contaetha máguaird le 30 bliain anuas is ea Raidió na Life. Tá sé le cloisteáil ar 106.4 FM agus ar fáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar ghutháin póca, ar ríomhairí, ar ár suíomh gréasáin, raidionalife.ie, agus mar sin de. Tá podchraoltaí Raidió na Life ar fáil ar Spotify, iTunes agus Soundcloud. Tháinig Raidió na Life ar an aer trí bliana roimh theacht ar an aer theilifís na Gaeilge, TG4. Ba é Raidió na Life an dara cainéal lán-Ghaeilge a bhí ar fáil ar na meáin chraolta, agus 30 bliain níos faide anonn, is é Raidió na Life fós an t-aon stáisiún raidió Gaeilge neamhspleách atá ag craoladh go buan agus go lánaimseartha ar na haerthonnta sa Phoblacht. Fáisceadh Raidió na Life as fís a bhí ag grúpa ceannródaithe i bpobal na Gaeilge i dtús na 1990idí a d’aithin go raibh gá le stáisiún Gaeilge a chuirfeadh rogha eile ar fáil d’éisteoirí; stáisiún a bheadh chomh mealltach céanna, go háirithe do dhaoine óga, agus a bhí aon stáisiún Béarla a bhí ar fáil dóibh.

Cé gur i mBaile Átha Cliath a tháinig sé ar an saol, bhí Raidió na Life i gcónaí níos leithne ná Baile Átha Cliath amháin. Bíonn sé ag craoladh ar FM go dtí na contaetha máguaird le glórtha éagsúla ó gach cearn den tír le cloisteáil, ó chainteoirí dúchais ó cheantair Ghaeltachta ag cur fúthu san ardchathair go daoine a d’fhás aníos sa chuid seo den tír leis an nGaeilge mar theanga baile acu go daoine a d’fhoghlaim í ar scoil. Is scáthán ar phobal na Gaeilge féin é.

Tá ceadúnas craolacháin deich mbliana ag an stáisiún faoi láthair a mhairfidh go dtí 2027. Mar chuid den athbhreithniú a bheas ar bun ag Coimisiún na Meán ar na meáin Ghaeilge, beimid ag iarraidh air féachaint ar an cheadúnas do Raidió na Life a leathnú amach go ceadúnas náisiúnta nuair a thiocfaidh an ceadúnas reatha chun críche faoi cheann trí bliana. Más é polasaí an Stáit, ag leibhéal Choimisiún na Meán agus ag leibhéal na roinne Gaeltachta agus meán, gur chóir an dara stáisiún raidió Gaeilge náisiúnta a cheadúnú ar FM, is é Raidió na Life an baile nádúrtha don dara stáisiún seo. Le 30 bliain caite againn ag soláthar clár raidió, closábhar eicléictiúil i nGaeilge, i gcanúintí agus i nglórtha éagsúla, le stíleanna éagsúla ceoil, clár a dhéanann an Ghaeilge mealltach agus inrochtana do chách, is féidir an stáisiún seo a chur ar fáil don tír ar fad agus leathnú ar an tseirbhís atá á cur ar fáil againn cheana féin le 30 bliain anuas. Os a choinne sin, is todhchaí dhigiteach ar líne atá in ann dúinn mar shochaí, agus níl aon dabht faoi sin. Tá an-tábhacht leis na meáin thraidisiúnta fós agus beidh, ach is i ndomhan digiteach atá ceangailte leis an Idirlíon 24 uair an chloig in aghaidh an lae a mhairimid anois agus is sa domhan sin atá an todhchaí, dúinne sna meáin thraidisiúnta a oiread agus atá sé don sochaí i gcoitinne.

Is mian linne i Raidió na Life leanúint den táirge mealltach Gaeilge atá againn a sholáthar ar líne agus go digiteach le béim ar leith ar ghnéithe digiteacha na seirbhíse: podchraoltaí, físeáin, giotáin fuaime agus láithreacht láidir ar na meáin shóisialta, agus, ar ndóigh, an tseirbhís raidió féin a bheith ar fáil go héasca go digiteach d’aon duine ar mhaith leo éisteacht léi.

Is craoltóirí deonacha iad craoltóirí Raidió na Life. Is iontach an acmhainn don stáisiún na scórtha daoine a thugann a gcuid ama agus fuinnimh gan aon íocaíocht, seachtain i ndiaidh a chéile, go minic ar feadh na mblianta is na mblianta, gan oiread agus pingin a shaothrú, agus go minic gan mórán, nó aon, aitheantais. Is i bpopcheol a chuireann cuid acu spéis, bíonn suim ag daoine eile i nuacht agus i gcúrsaí reatha, agus spéis ag daoine eile i stíleanna ceoil nideoige, a mheallann éisteoirí breise chuig an stáisiún toisc nach bhfuil a leithéid de chláir cheoil ar fáil ar aon stáisiún raidió eile sa tír. Is baile nádúrtha é Raidió na Life do John Peels na Gaeilge.

Níl an tseirbhís atá á soláthar againn gan locht agus aithnímid go bhfuil bearnaí agus laigí sa mhéid a chuirimid ar fáil, is é sin, an méid atá ar ár gcumas a chur ar fáil tríd an maoiniú a chuireann an Stát ar fáil dúinn. Tá bunmhaoiniú faighte ag Raidió na Life go leanúnach ó Fhoras na Gaeilge agus táimid i gcónaí fíorbhuíoch don fhoras as an mhaoiniú agus, ar ndóigh, an spás agus an tacaíocht a thugann sé dúinn agus muid lonnaithe in aon fhoirgneamh leis. Thug an fhoras vóta láidir muiníne dúinn in 2017 nuair a chuir sé maoiniú substaintiúil ar fáil chun stiúideonna úrscothacha nua a thógáil. D’osclaíomar na stiúideonna nua in 2018, díreach dhá bhliain sula raibh orainn iad a dhúnadh le teacht Covid-19.

Tá na stiúideonna úrscothacha seo go bunúsach fós nua, agus stáisiúin raidió eile ar fud na tíre go mór in éad linn. Is fiú go mór anois an infheistíocht shuntasach atá déanta in infreastruchtúr fisiciúil Raidió na Life a mheaitseáil le hinfheistíocht in infreastruchtúr daonna an stáisiún. An uair dheireanach gur thángamar os comhair an coiste seo seacht mbliana ó shin, luamar gurb é an bac ba mhó ar fhorbairt Raidió na Life ná nach raibh ach triúir foirne lánaimseartha fostaithe sa stáisiún. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, níl athrú ar bith tagtha ar sin. Faoi scéim raidió pobail Fhoras na Gaeilge, maoinítear an trí ról lánaimseartha i Raidió na Life, is iad sin mo phost féin mar bhainisteoir an stáisiúin, post mar theicneoir, agus post mar chlár reachtaire. Cuirtear maoiniú ar fáil freisin do dhá ról páirtaimseartha: maor deireadh seachtaine agus oifigeach forbartha agus oiliúna. In 2024 nuair a bhainfear an bille tuarastail, is deontas de thart ar €30,000 atá curtha ar fáil dúinn chun ár gcuid costais eile ar fad a chlúdach. Ní chlúdaíonn sé seo an bille don tseirbhís tarchuradóra fiú, gan trácht ar chostais ar bith eile.

An t-éileamh atá ag bord agus bainistíocht Raidió na Life ar an Stáit, ná infheistíocht ceart a dhéanamh ar Raidió na Life chun poist nua, mealltacha a chruthú sa stáisiún. Bheadh na poist seo ann do chainteoirí Gaeilge cumasacha atá paiseanta faoi chur chun cinn na teanga sna meáin cumarsáide agus a bhfuil na scileanna cuí acu, ard scileanna Gaeilge ina measc. Tagann mórán buntáistí ón nádúr deonach na craoltóireachta sa stáisiún, ach tá baic mhóra nuair is ag brath 100% ar oibrithe deonacha chun ár gcuid cláir a chur i láthair atáimid. Iarraimid ar na baill, mar chomhchoiste na Gaeilge an Oireachtais, gach tionchar gur féidir leo a imirt ar na páirtithe leasmhaire chun pacáiste maoinithe réadúil a chur ar fáil do Raidió na Life le líon foirne réadúil, réasúnta a fhostú a thugadh deis dúinn, ar an gcéad dul síos, méadú mór a dhéanamh ar líon na gclár raidió, podchraoltaí agus clos ábhar digiteach eile d'ardchaighdeán a chruthaíonn an stáisiún le baill foirne léiriúcháin phroifisiúnta ag obair orthu; ar an dara dul síos, cur leis an fhor-rochtana a dhéanaimid le scoileanna, grúpaí óga agus grúpaí pobal; ar an tríú dul síos, caighdeán na Gaeilge atá le cloisteáil ar an stáisiún a fheabhsú. Trí chur lenár gcumas foireann léiriúcháin phroifisiúnta a fhostú, beimid ábalta níos mó daoine ar ardchaighdeán Gaeilge a chur ag obair ar chláir an stáisiún; ar an gceathrú dul síos, an stáisiún a fhorbairt mar lárionad cruthaitheach Gaeilge nó creative hub, ag tógáil ar an obair atá déanta againn cheana féin; agus ar an gcúigiú dul síos, iniúchadh ardleibhéal a dhéanamh ar chraoladh i gceantar geografach níos leithne le hinfheistíocht cuí in infreastruchtúr tarchuradóireachta oiriúnach. Ba mhaith linn iniúchadh dáríre a dhéanamh ar leithniú an ceantar craolacháin a mhéadú go náisiúnta más féidir, ach tá sé seo ag brath ar mhaoiniú oiriúnach a bheith ar fáil agus ag brath ar thacaíocht shoiléir ó Choimisiún na Meán.

Is é Raidió na Life ceann de na heagraíochtaí craolacháin is bisiúla atá ag treabhadh linn i ngort na craoltóireachta Ghaeilge le 30 bliain anuas, ag cur na teanga chun cinn ar shlí bheoga, fhuinniúil agus mhealltach, ag imirt dea-thionchar ar mheon an phobail i leith na teanga ach go háirithe daoine óga, agus ag soláthar deiseanna úsáide Gaeilge i suíomh shóisialta, taitneamhach agus nua-aimseartha. Táimid ag éileamh go ndéanfaí infheistiú suntasach i Raidió na Life a chuirfidh ar ár gcumas cur leis an méid atá á dhéanamh againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar na haerthonnta traidisiúnta agus digiteacha. Creidimid go bhfeicfeadh an Stát toradh ollmhór ar infheistíocht réasúnta beag.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.