Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Úsáid agus Infheictheacht na Gaeilge ar na Meáin Chraolta: Plé

Ms Niamh N? Churn?in:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, leis na Teachtaí agus leis na Seanadóirí as deis a thabhairt dúinn a bheith anseo chun úsáid agus infheictheacht na Gaelainne sna meáin chumarsáide a phlé. Mar eagraíocht meán cumarsáide seirbhíse poiblí náisiúnta na hÉireann, tá RTÉ tiomanta do réimse leathan d’ábhar Gaelainne ilseánra ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud ár gcuid ardán agus seirbhísí beo agus ar éileamh. Daingnítear an gealltanas sin tuilleadh sa chreatcháipéis straitéiseach a d’fhoilsíomar le gairid do na cúig bliana amach romhainn, "Treo Nua". Tá RTÉ meáite ar a chinntiú ní hamháin go bhfuil an teanga le feiscint ar fud ár gcuid seirbhísí go léir, ach go bhfuil sí beo mar ba chóir ar na seirbhísí sin agus go bhfuilimid ag obair ar fud gach seánra chun an t-ábhar Gaelainne a mhéadú ar fud ár gcuid ardán. Leanaimid de bheith ag neartú na mbunchloch láidir atá forbartha againn lenár gcomhpháirtíochtaí seachtracha - TG4, Coimisiún na Meán, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus na léiritheoirí neamhspleácha - chun ár soláthar Gaelainne a mhéadú.

Tá an cur chuige atá againn i leith ábhar Gaelainne difriúil ón gcur chuige atá againn i leith ábhar Béarla. Chun go mbeimid ábalta freastal ar an lucht féachana agus éisteachta is leithne agus gur féidir, déanaimid ár ndícheall ábhar de gach saghas a dhéanamh do dhaoine a bhfuil gach uile chaighdeán Gaelainne acu, is é sin, dóibh siúd gurb í an Ghaelainn an chéad teanga sa bhaile agus sa phobal acu, dóibh siúd nach n-úsáideann an teanga ach anois is arís agus dóibh siúd gur mian leo í a fhoghlaim agus taitneamh a bhaint as ábhar Gaelainne. Anuas air sin, bíonn RTÉ i láthair go leanúnach ag imeachtaí cultúir, spóirt agus speisialta ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta i rith na bliana. Treisíonn sé seo ár bhfeiceálacht agus ár rannpháirteachas ag na himeachtaí. Daingníonn sé an ceangal atá againn leis an lucht féachana agus éisteachta Gaelainne in Éirinn agus níos faide i gcéin.

Cuireann RTÉ breis agus €24 milliún isteach in ábhar Gaelainne ar fud ár gcuid ardán agus seirbhísí go léir. Sa bhreis air sin, bíonn an teanga fite fuaite inár gcuid cainéal agus seirbhísí chomh nádúrtha agus is féidir. Mar sin, cad a bhí le fáil ag an lucht féachana agus éisteachta in 2022 agus 2023 de bharr na hinfheistíochta suntasaí sin?

Cuireann RTÉ stáisiún raidió náisiúnta i nGaelainn ar fáil, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí ag ceiliúradh 50 bliain ar an aer in 2022. Is seirbhís ar leith í RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcraoltóireacht na Gaelainne agus is croísheirbhís thábhachtach í laistigh d'eagraíocht RTÉ. Is minic a ndéantar tagairt don Ghaeltacht mar thobar na Gaelainne. Creidimse go mór gurb é RTÉ Raidió na Gaeltachta tobar na meán cumarsáide Gaelainne. Cuireann an stáisiún an-bhéim i gcónaí ar chaighdeán na Gaeilge a chraoltar agus bíonn sé i gcónaí ag iarraidh an caighdeán sin a bheith chomh hard agus is féidir. Don dara huair le trí bliana, bhuaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam idirnáisiúnta Stáisiún Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach in 2021 agus 2023. Nuair a bronnadh an gradam, cuireadh béim ar an gcaidreamh láidir atá ag an stáisiún leis na héisteoirí.

Tá ardmheas ar an ngradam seo agus bhí stáisiúin eile san iomaíocht ar nós an BBC i dTuaisceart Éireann, in Albain agus sa Bhreatain Bheag, mar aon le craoltóirí eile.

Léirítear réimse leathan ábhair go hinmheánach sa stáisiún, ina measc nuacht chuimsitheach idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil, cúrsaí reatha, cláir shiamsaíochta agus ealaíona, clúdach spóirt, ceol agus go leor eile. Bhí straitéis ag RnaG an raidió a thabhairt amach go dtí an pobal agus é a chur os a gcomhair trí úsáid a bhaint as craoltaí seachtracha. Chuir grúpaí pobail sa Ghaeltacht agus grúpaí eile taobh amuigh den Ghaeltacht fáilte roimh an gcur chuige sin agus roimh an nasc a chruthaigh sé. In 2023, bhí breis agus 160 craoladh seachtrach ag an stáisiún agus é ag freastal ar fhéilte náisiúnta, imeachtaí pobail ar bhonn áitiúil agus ócáidí spóirt.

Tá obair mhór déanta ag foireann RnaG chun ábhar a fhorbairt agus a chur sa sceideal, ábhar nua ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha raidió agus ábhar ón bhfoireann atá ag obair laistigh den teach san áireamh. Craoladh réimse leathan sraitheanna nua fíorasacha Gaelainne, mar shampla "Dúshlán na Feirme", "Aistí ón Aer" agus "Eireaball Spideoige", agus tá sraitheanna nua drámaíochta Gaelainne, ina measc "Cloch na Scíth", "Jimí Mháire Thaidhg", "Ón Domhan Thíos" agus "Jó Johnny Joe", ag céimeanna éagsúla léirithe faoi láthair agus craolfar iad i rith na bliana. Táimid ag obair chun níos mó sraitheanna mar seo a fhorbairt amach anseo. Chomh maith leis sin, trínár gcomhpháirtíocht leanúnach le Raidió Rí-Rá, táthar ag cur cláir cheoil cairteacha ar fáil i nGaelainn atá dírithe ar dhaoine óga ó Mháirt go hAoine.

Cuireann RTÉ seirbhís ilardáin nuachta ar fáil do RTÉ agus TG4 agus fostaítear níos mó iriseoirí a oibríonn trí mheán na Gaelainne sa tseirbhís sin ná in aon eagraíocht nuachta eile in Éirinn. Léiríonn RTÉ breis agus 250 uair an chloig d’ábhar nuachta agus cúrsaí reatha Gaelainne don teilifís na haon bhliain bunaithe ar aschur nuachta agus cúrsaí reatha "Nuacht TG4", ar fheasacháin "Nuacht RTÉ le TG4" ar RTÉ One agus ar an RTÉ News Channel agus ar fhoilsiú agus ar ábhar a chur ar na hardáin mheán sóisialta. Tá foireann iriseoireachta lonnaithe i mBaile na hAbhann agus i gceantair Ghaeltachta eile, i nDomhnach Broc agus i gceantair eile ar fud na tíre. Tugtar léiriú leis na seirbhísí éagsúla a chuireann siad ar fáil ar na pobail Ghaelainne ina bhfuil siad lonnaithe mar aon le clúdach cuimsitheach náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ar fáil. Is é RTÉ chomh maith a chuireann an tsraith chúrsaí reatha "7 Lá" ar fáil do TG4. Tá súil againn "Fóram", an clár cúrsaí reatha Gaelainne nua a bheidh le craoladh ar RTÉ One, a sheoladh roimh dheireadh na bliana. Is croísheirbhísí riachtanacha iad RTÉ Raidió na Gaeltachta agus "Nuacht RTÉ le TG4" agus cuireann siad fostaíocht dhíreach ar fáil do 113 duine i gceantair Ghaeltachta. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach ó thaobh fostaíochta agus ó thaobh na heacnamaíochta de do na ceantair seo.

Chraol cainéil líneacha teilifíse RTÉ breis agus 1,100 uair an chloig d’ábhar ilseánra Gaelainne in 2023, rud a mhéadaigh an lucht féachana ag amanna nua agus a chruthaigh comhpháirtíochtaí nua le comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha ar fud oileán na hÉireann. I rith 2023, d’oibrigh RTÉ le 19 comhlacht léiriúcháin neamhspleách chun ábhar Gaelainne a chur ar fáil dár seirbhísí beo agus ar éileamh. Chraolamar 13 sraith, roinnt acu nua agus roinnt acu ar an dara séasúr, agus sé cinn de chláir faisnéise aonair ardchaighdeáin. Craoladh an t-ábhar sin go léir le linn príomhama sceideal RTÉ One le fotheidil, rud a chinntigh nach raibh aon bhac ar an lucht féachana féachaint orthu. Leanaimid ag soláthar 365 uair an chloig d’ábhar do TG4 go bliantúil faoin bprótacal.

Ar mhaithe le hiarracht a dhéanamh úsáid na Gaelainne a normalú lasmuigh dár gcroísheirbhísí Gaelainne, is é an dátheangachas ceann de na príomhslite atá ag an eagraíocht chun úsáid laethúil na teanga a chur chun cinn. Sampla álainn de sin le gairid ab ea an clúdach a dhein Radio 1 ar shochraid John Bruton. Tá polasaí dátheangach i bhfeidhm maidir le leanúnachas RTÉ agus, ag príomhamanna, cloisfidh tú an Ghaelainn i gcónaí, ar an raidió agus ar an teilifís araon. Bímid ar ár ndícheall i dteagmháil ar bhonn gníomhach ag cur in iúl do léiritheoirí an ábhair raidió agus teilifíse chun an tábhacht a bhaineann leis an nGaelainn a áireamh i gclár nuair atá sé nádúrtha é sin a dhéanamh.

Cuireann seirbhísí raidió eile RTÉ a gcuid clár Gaelainne féin ar fáil na haon seachtain. Bíonn RTÉ Radio 1 ag obair i gcomhar le RnaG chun feasacháin laethúla nuachta a chur ar fáil agus craoltar "Beo ar Éigean" go seachtainiúil. Anuas air sin, baintear úsáid as an nGaelainn ar chláir laethúla agus seachtainiúla ar nós "Drivetime", "South Wind Blows", "Rolling Wave" agus "Ceilí House". Tá sé sin ag fás ar bhonn leanúnach. Ar 2FM, cuirtear na feasacháin laethúla tráchta ar fáil go dátheangach agus craoltar cláir dhátheangacha ar an Aoine agus roinnt maidin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh le Bláthnaid Treacy. Tá na foirne sin sásta chomh maith é sin a fhorbairt agus breis a dhéanamh.

Lasmuigh dár seirbhísí agus ardáin, ardaíonn na comhpháirtíochtaí straitéiseacha atá cothaithe againn le páirtithe leasmhara seachtracha cosúil le TG4, Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge feasacht agus feiceálacht maidir leis na deiseanna atá ann do dhaoine a bhfuil an teanga acu. I mí Aibreáin, rachaidh RTÉ i bpáirt arís le Foras na Gaeilge chun "Creidim Ionat" a chur ar fáil, clár ceithre sheachtainí ar-líne bunaithe ar mheantóir-meantaí, ina ndéanfar iarracht daoine a mhealladh ar ais chun na Gaelainne. D’éirigh go han-mhaith leis an bhfeachtas a bhí againn roimhe seo, le 83 milliún imprisean feicthe in 80 tír ar fud an domhain. Bhí na fógraí cloiste ag 70% de na daoine fásta go léir a bhí ag féachaint ar theilifís RTÉ agus ag éisteacht le raidió RTÉ agus tháinig ardú 100% ar líon na ndaoine a chláraigh le haghaidh nuachtlitir Fhoras na Gaeilge mar gheall ar an bhfeachtas. Tá súil againn go mbeidh feachtas na bliana seo níos mó arís.

Tacaíonn RTÉ freisin le mórán féile Gaelainne i gcaitheamh na bliana, ina measc Seachtain na Gaeilge, an tOireachtas, Comórtas Peile na Gaeltachta agus Fleadh Cheoil na hÉireann, gan ach cuid acu a lua. Den gcéad uair riamh i mbliana, reáchtálfaidh Seachtain na Gaeilge agus RTÉ imeacht beo sa Seomra Ciorcalach i dTigh an Ardmhéara chun clár faisnéise nua, clár Gaeilge RTÉ ar na Hothouse Flowers, a chur os comhair an phobail. Beidh an banna ag seinm beo ar an oíche agus cuirfidh duine d’ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge faoi agallamh iad. Chomh maith leis sin, beidh deis ag cuid de lucht leanúna dílis an bhanna ceisteanna a chur orthu agus buaileadh leo. Cuirfear clabhsúr ar an oíche ansin le céilí mór leis The Len Collective.

Cuireann RTÉ cláir thábhachtacha mheantóireachta agus intéirneachta ar fáil trí chomhphairtíochtaí le hinstitiúidí tríú leibhéal agus páirtithe seachtracha. D’éirigh leis na hintéirnigh is déanaí a bhí againn fostaíocht a bhaint amach in RTÉ agus i TG4 araon. Cuirfear tús leis an gcéad chlár intéirneachta eile i mí Aibreáin. Is tionscnaimh thar a bheith tábhachtacha iad seo do chraoltóirí agus táimid thar a bheith sásta leis an méid iarratasóirí atá ag cur isteach ar na háiteanna.

Tá iarracht mhór á dhéanamh ag RTÉ lena chinntiú go bhfuil an teanga chun tosaigh agus i gcroílár gach a dhéanaimid. Cé nach cuid dár ngealltanas reachtúil é ábhar digiteach RTÉ ó thaobh na n-uaireanta an chloig a chuirimid ar fáil, is fiú a lua gur cuireadh réimse cuimsitheach clár ar fáil ar an RTÉ Player in 2023, le hábhar ó RTÉ agus TG4, agus gur chuir sé breis agus 330 uair an chloig d'ábhar ar fáil le sruthú. Leanann RTÉ den ábhar atá ar rte.ie/gaeilgea fhorbairt agus cur leis agus tá nach mór 1 milliún duine ag féachaint ar an suíomh anois. Léiríonn an fás seo, go háirithe i leith míreanna a bhaineann le Gaelainn a fhoghlaim agus cúrsaí turasóireachta sa Ghaeltacht, go bhfuil éileamh ar ábhar i nGaelainn agus go bhfuil spéis ag daoine a bheith níos líofa inti. Tá breis agus 24,000 duine cláraithe chun ár nuachtlitir thiomnaithe mhíosúil a fháil agus osclaíonn 74% díobh í. Tá an tríú cuid den dream atá cláraithe len í a fháil idir 18 agus 34 bliain d’aois. Tá lucht éisteachta an eagráin dhigitigh de "Beo ar Éigean" ag fás go fóill ar líne agus ar RTÉ Radio 1 araon.

Tar éis don choiste a thuarascáil ar an earnáil scríbhneoireachta, foilsitheoireachta agus léitheoireachta a fhoilsiú, tá an-dóchas ag RTÉ go mbeimid ábalta oibriú le Foras na Gaeilge chun an t-ábhar sin a dhéanamh níos feiceálaí ar an ardán seo. Cinntíonn iomlán na ngníomhartha seo go bhfuil an Ghaelainn níos feiceálaí don lucht féachana agus éisteachta ar fad atá againn, do na cainteoirí dúchais agus do na foghlaimeoirí agus dóibh sin go léir a chreideann, mar a chreidimid, gur gné shainiúil í an teanga don tír agus dúinne, muintir na hÉireann.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom staitistic a ardóidh croíthe na mball a roinnt faoi sceideal Nollag RTÉ le gairid. Is é sin gur cláir Ghaelainne a bhí i dtrí cinn de na 20 clár ba mhó a raibh lucht féachana acu i rith thréimhse na Nollag a léiríodh go hinmheánach agus a léirigh léiritheoirí neamhspleácha.

Is léir go ndeachaigh siad i bhfeidhm ar an lucht féachana náisiúnta agus thángadar i dtír ar an iomaíocht láidir a bhíonn ann ó na sobalchláir agus ó chláir Bhéarla a bhfuil lucht féachana dílis acu. Bhain clár speisialta “Cloch le Carn” ar phríomhamhránaí Aslan agus fear a raibh an-chion ag muintir na tíre seo air, Christy Dignam, sciar 28% den lucht féachana amach agus d’fhéach breis is 320,000 duine air. Bhain ceiliúradh ceoil ar cheithre ghlúin de mhuintir Keane i dtigh an teaghlaigh chun ceiliúradh a dhéanamh ar Dolores Keane a raibh 70 bliain d’aois slánaithe aici a craoladh Oíche Cinn Bliana sciar 23% den lucht féachana amach, le breis is 250,000 duine ag féachaint ar an gclár. Agus ar deireadh, bhain clár in ómós don bhoscadóir agus don amhránaí aitheanta Séamus Begley nach mór 300,000 duine den lucht féachana agus 28% de sciar amach. Tá na cláir sin fós le fáil ar éileamh mar aon leis an ábhar go léir a craoladh i rith na bliana. Cuireann an t-ábhar Gaelainne atá againn éagsúlacht agus téagar leis na hardáin go léir agus tugann torthaí ár rianaire branda le fios go n-aontaíonn os cionn 60% de dhaoine fásta go gcuireann RTÉ seirbhís chuimsitheach ar fáil do chainteoirí Gaelainne, agus sin céatadán níos airde ná an sprioc a bhí againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.