Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 February 2024

Select Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Estimates for Public Services 2024
Vote 33 - Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media (Revised)

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus leis an Aire. Gabhaim buíochas le comhaltaí an choiste as deis a thabhairt domsa labhairt leo inniu maidir le Meastachán Athbhreithnithe 2024 ó thaobh an spóirt de. Is €209 milliún leithdháileadh 2024 do sheirbhísí spóirt agus fóillíochta, méadú 12% ó 2023.

Is tír mór le rá í Éire i réimse an spóirt anois mar gheall ar mhéadú ar infheistíocht leanúnach an Stáit mar aon le héachtaí ár gcuid lúthchleasaithe ó thaobh rannpháirtíochta agus acmhainne chun imeachtaí a bhfuil tábhacht ann leo. Laistigh den leithdháileadh foirmiúil anseo, beidh leithdháileadh méadaithe €1.7 milliún do Spórt Éireann in 2024 mar eagraíocht a bhfuil cúram an Rialtais uirthi as forbairt an spóirt in Éirinn.

Bainfear úsáid as an maoiniú seo le haghaidh beart ar nós maoiniú méadaithe a dhírítear go sonrach ar chur le rannpháirtíocht na mban sa spórt, lena n-áirítear réimsí mar rannpháirtíocht, oiliúint, feidhmiú agus ceannaireacht agus maoiniú breise chun tacú leis na coistí náisiúnta rialaithe spóirt; tá tacaíocht leanúnach le cur i bhfeidhm an bheartais náisiúnta spóirt agus an phlean ghníomhaíochta a bhaineann leis; agus tacaíocht mhéadaithe dár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta, agus muid ag druidim le Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha Pháras 2024.

Maidir leis an gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála, is leithdháileadh maoinithe suntasaigh €42.6 milliún é do 2024. Cumasóidh sé seo deontas breise do thionscadail a ceadaíodh cheana féin mar fhreagra ar bhaic mar gheall ar an bpaindéim agus boilsciú tógála, rud a d'éascódh cur i gcrích na dtionscadal seo.

Is féidir liom a chur in iúl don roghchoiste go bhfuil súil agam babhta nua den choiste seo, an Ciste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála, a fhorbairt sa chéad leath den bhliain ag féachaint don éileamh méadaithe ar bhabhta nua. Maidir leis an gclár um chaipitil agus trealamh spóirt, is leithdháileadh €34.5 milliún do 2024 é chun freastal ar ghealltanais tionscadal reatha. Leanann obair ar aghaidh laistigh den Roinn maidir le próiseáil a dhéanamh ar an líon is airde iarratas a fuarthas faoi bhabhta 2023 don chlár rathúil seo. Leanfar le tacaíocht mhaoinithe a chur ar fáil in 2024 maidir le mórimeachtaí spóirt ar nós cluiche ceannais sraith Europa Union of European Football Associations, UEFA, i mí Bhealtaine, Corn Ryder sa ghalf 2027, craobhchomórtas UEFA Euro 2028, agus iarrachtaí eile chun imeachtaí spóirt ar mhórscála ard-phróifíle a mhealladh go hÉirinn.

Mar fhocal scoir, creidim go gcuirfidh an maoiniú méadaithe do spórt 2024 le rannpháirtíocht sa spórt ag gach leibhéal cumais agus thar gach gníomhaíocht spóirt. Tacóidh sé seo le seasamh na hÉireann ar an ardán idirnáisiúnta ó thaobh óstáil a dhéanamh ar mhórimeachtaí spóirt idirnáisiúnta agus tacú lenár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta araon. Leanfaimid orainn ag forbairt áiseanna spóirt i bpobail ar fud na tíre mar aitheantas ar an bpobal áitiúil agus ar oibrithe deonacha ar a bhfuil ár rannpháirtíocht agus ar rathúlacht spóirt ar fad bunaithe. Gabhaim buíochas leis an gcoiste agus táim ag súil le dul i dteagmháil leo agus le ceisteanna a fhreagairt ó chomhaltaí an choiste maidir leis an obair seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.