Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

 

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt ceisteanna agam féin. Tá an t-ábhar seo chomh fadradharcach agus chomh leathan agus is miantar. Is cuimhin liom sna seachtóidí nuair a bhí mé ar an mheánscoil, bhí múinteoir agam agus chuir sé ina luí orainn mar rang freastal ar chúrsa chun stáidéar a dhéanamh ar na meáin, conas fógraí a léamh, conas is féidir le fógraí dul i gcion ar dhaoine agus conas a athraítear rud. B'ábhar é seo a bhí sé ag iarraidh cur ina luí ag an am ar an Roinn Oideachais, mar a tugadh air. Tá tuiscint ar na meáin agus tuiscint ar fhógraí ar cheann de na rudaí is tábhachtaí don lucht óg go háirithe ach do chuid mhaith daoine eile toisc na réabhlóide atá tar éis teacht chun cinn ó thaobh na meán de. D’fhoilsigh an coiste seo tuairisc anuraidh faoi fhoilsitheoireacht. Má smaoinítear ar an sean-fhoilsitheoireacht, ba rud fisiciúil é don chuid is mó ach is ag craoladh ar bhealaí difriúla atá i gceist léi anois. Tá na meáin shóisialta á n-úsáid, tá an rud fisiciúil ar fáil ar an Idirlíon agus ansin tá podchraoltaí agus gach rud eile. Tá an domhan sin athraithe agus tá sé sin tar éis teacht isteach ar na meáin chraolacháin. Luaigh mé an pointe seo leis an dream a bhí ós comhair an choiste roimhe, go bhfuil fadhbanna bunúsacha ag baint leis an ábhar seo. Níl an domhan seo socraithe síos agus tá na hathraithe seo ag teacht chomh tapa nach féidir linn teacht ar an leibhéal a shroichfidh an tsochaí.

Tá roinnt ceisteanna agam maidir leis an dainséir atá ann don Ghaeilge, ós rud é gur seo coiste na Gaeilge, má tá an réabhlóid seo ag tarlú chomh tapa sin agus go mbeimid fágtha ar chúl. An bhfuil na finnéithe sásta leis an chosaint gur féidir leo a thabhairt chun déanamh cinnte de go mbeidh an Ghaeilge lárnach agus i lár an aonaigh maidir le craolacháin amach anseo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.