Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

 

1:30 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Tá an tAcht um Shábháilteacht Ar Líne agus um Rialáil Meáin, 2022 agus an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha an AE a bhéas Coimisiún na Meán ag feidhmiú chun domhan níos sábháilte ar líne a chinntiú á n-ullmhú agus á réiteach le blianta fada. Mar sin, níor cheart go mbeadh aon amhras nó aon éiginnteacht ar aon dream, ar aon chomhlacht nó ar aon ardán faoi na dualgais atá á leagan orthu de thoradh an dá phíosa reachtaíochta seo. Maidir le ceist an Teachta agus na hardáin a bheith ullamh nó gan a bheith, ónár dtaobh, mar Choimisiún na Meán, an jab atá romhainn ná monatóireacht a dhéanamh ar an gceist sin go sonrach. Nuair a thagann an tAcht seo i bhfeidhm beidh deis ag tíortha eile an Aontais dul i dteagmháil linn anseo chun na gearáin atá ag daoine faoi chomhlachtaí atá lonnaithe anseo a chur in iúl dúinn. Ina theannta sin, mar a bhí mé ag rá, tá an t-ionad teagmhála le hoscailt againn i gCiarraí, seachtain ón Luan. Ba chóir dom a rá freisin go mbeidh 50% den lucht oibre san ionad sin líofa sa Ghaeilge agus beidh siad in ann glacadh le gearáin sa dhá theanga. Is de thoradh na hoibre sin ar fad go bhfaighimid tuiscint agus léamh ar an gceist seo maidir leis na hardáin a bheith ullamh nó gan a bheith. Ba chóir go mbeidís ullamh sa mhéid agus go bhfuil an reachtaíocht seo ar an bhfód agus eolas faoin reachtaíocht ann ar feadh píosa. Go dtí go dtiocfaidh feidhm leis an dá phíosa reachtaíochta sin - go dtí go bhfuil muid ar an bpáirc go hoifigiúil - is deacair breithiúnas cinnte a thabhairt air sin nó réamhbhreithiúnas a thabhairt. Rud amháin atá cinnte agus aitheanta ag gach duine, áfach, ná nár oibrigh féin-rialáil go dtí seo. Tá glacadh ag gach duine le sin, sílim. Glacaimid ar fad go dteastaíonn rialacháin agus dlíthe déine chun a chinntiú nach bhfuil an dochar atá feicthe againn ag tarlú agus go bhfuil laghdú ollmhór ag teacht air. Nuair a thagann an dá phíosa reachtaíochta seo faoinár gcúram go hiomlán, feicfimid cén toradh a bhéas air sin. Taobh istigh de Choimisiún na Meán féin, tá cuid amháin den eagraíocht ag déileáil le cúrsaí polasaithe agus comhaid ar líne a chinntiú, agus tá cuid eile den eagraíocht ag déileáil le monatóireacht, maoirseacht agus fíneáil, más gá. Tá cuid eile fós ag plé le litearthacht sna meáin agus daoine a chur ar an eolas faoin suíomh ar líne, na contúirtí a bhaineann leis, cén chaoi dul i ngleic leis sin agus oideachas a chur ar daoine. Mar sin, táimid réidh ónár dtaobh de. Tá súil agam gurb amhlaidh an cás do na hardáin freisin. Tiocfaidh sé sin chun cinn, is dóigh, agus eagraíochtaí ag déanamh teagmháil linn amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.