Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

 

1:30 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Aontaím leis an Teachta agus tá go leor ar siúl agus muid ag ullmhú don dá phíosa reachtaíochta seo. Tá scéimeanna ann chuig litearthacht na meán le go dtuigfeadh daoine cé as a bhfuil an nuacht atá siad ag léamh ag teacht agus go bhfuil tuiscint acu ar an gcaoi a bhfuil an t-eolas seo ag teacht chucu, agus an fáth go bhfuil siad ag fáil an t-eolas seo ag an am seo. Cuirfimid maoiniú ar fáil do Media Literacy Ireland agus cuireann an eagraíocht sin go leor tacaíochtaí ar fáil do dhaoine. Inné, mar shampla, bhí lá sábháilteachta ar líne ann. Arís, bhíomar ag obair le Webwise chun pacáistí eolais, forbartha agus traenála a chur ar fáil do ghasúir agus do mhúinteoirí in éineacht leis an Roinn Oideachais. Tá sé sin ar fad mar chuid den bheartas oibre atá ar siúl chun dul i ngleic leis seo.

Ina theannta sin tá coiste óige bunaithe ag Coimisiún na Meán chun comhairle a chur orainn faoin gcód atá le tabhairt isteach faoin sábháilteacht ar líne mar is dócha go bhfuil tuiscint níos fearr ag an nglúin a d'fhás aníos leis na meáin agus na meáin shóisialta air seo. Tá sé tábhachtach a ndearcthaí siúd a fháil freisin faoi.

Tá an obair sin ar fad ag teacht le chéile in aon bheartas amháin. Déarfainn nach bhfuil feidhm tugtha do cheachtar den dá rud mar go bhfuil siad ag tarlú. Tá an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha ag tarlú faoi cheann seachtaine agus beidh an cód ag teacht i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Chím go gcaithfimid deis a thabhairt don dá phíosa ollmhóra reachtaíochta sin feidhmiú agus féachaint cén tairbhe a bheidh orthu. Beidh muidne, dar ndóigh, ag déanamh monatóireachta ar an gcur i bhfeidhm freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.