Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

 

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigim ach is é an fáth go bhfuil ár bhfinnéithe os ár gcomhair ná go bhfuil an domhan ag athrú chomh tapa sin. Nuair a bhí an réabhlóid thionsclaíoch ann, thóg sé 100 bliain don domhan socrú síos, beagnach, chun an tairbhe is mó a bhaint as an réabhlóid sin nó as aon cheann de na réabhlóidí eile. Is é an réabhlóid atá againn faoi láthair ná go bhfuil sé ag athrú chomh tapa sin agus tá an luas i bhfad níos mó. Lá amháin, tá gléas nua ann agus seachtain níos déanaí tá sé beagnach as dáta mar tá rudaí bogtha ar aghaidh. Bogann an córas reachtúil nó Stáit i bhfad Éireann níos moille agus is léir sin toisc go bhfuilimid ag cur na ceisteanna seo. B'fhéidir gur chóir iad a bheith curtha a luaithe is a thosaigh daoine ag rá gurb í seo fís. Bhí a lán den stuif nua ann 40 bliain ó shin i leabhair Réics Carló, nó leabhair daoine eile 50 bliain ó shin. Is féidir féachaint siar ar "Flash Gordon" sna scannáin agus sna hirisí sna caogaidí nó sna seascaidí. Tá a lán den teicneolaíocht nach raibh ann ag an am le feiceáil anois. Is é an fáth go bhfuil buairt nó scéin orainn ná go bhfuil dainséir anseo.

Mar shampla, is é ceann de na dainséir nó de na fáthanna gur luíomar isteach ar an gceist seo ná is cuimhin le gach duine na círéibeacha i mBaile Átha Cliath. Dúirt Coimisiún na hEorpa go raibh an locht ar dhaoine a bhí ag scaipeadh fuatha agus mí-eolais trí Ghaeilge agus gurbh é sin an fáth gur tharla roinnt den méid a tharla i mBaile Átha Cliath. D'admhaigh an Coimisiún cúpla lá ina dhiaidh go raibh sé go hiomlán mícheart. D'fhéadfadh Coimisiún na hEorpa a bheith mícheart agus ba é sin an chéad uair a rinne sé é sin a admháil chomh tapa sin. Is léir go bhfuil an dá chomhlacht atá inár láthair ag díriú isteach air sin trí na modhnóirí - 20 agus 40 dóibh - a bheith ann as Gaeilge. Tá sé sin go maith agus is féidir níos mó dóibh a bheith ann agus tá súil agam go mbeidh níos mó daoine ann le Gaeilge amach anseo sa chóras ar fad. B'fhéidir nach mbeadh an gnó acu chun déileáil go díreach leis an nGaeilge ach go bhfeicfí iad i lár postála nó físeáin i mBéarla agus cúpla focal i lár baill. B'fhéidir go bhféadfaí é sin a dhéanamh. An leor an méid daoine atá ag na comhlachtaí chun an obair sin a dhéanamh? Ar aithin na comhlachtaí seo aon ghanntanas ó thaobh na Gaeilge de sa chomhlacht nó má tá sé sin aitheanta, cén cur chuige atá ann chun an fhadhb sin a réiteach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.