Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 February 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
1:30 pm
Mr. Dualta Ó Broin:
Go raibh maith ag an gCathaoirleach. Tá mé i mo cheann beartais phoiblí ag Meta in Éirinn. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis teacht ós a gcomhair don phlé seo tráthnóna. Sa ráiteas seo, leagfaidh mé amach achoimre ar Meta, agus ansin tabharfaidh mé cúpla sampla don obair nuálach atá ar siúl againn agus conas mar a d’fhéadfadh sé sin deiseanna a chruthú don Ghaeilge. Úsáideann níos mó ná 3.1 billiún duine ceann de na haipeanna atá ag Meta gach lá, d’fhéadfadh gur Facebook, Instagram nó WhatsApp atá i gceist ansin, nó ceann de na táirgí nua, ar nós Threads. Le dhá bhliain anuas, díríodh ar éifeachtúlacht an chomhlachta; is é sin an t-eagras a neartú agus cur lena sheasmhacht. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas díriú ar an dá thosaíocht fhadtéarmacha againn, mar atá: an intleacht shaorga agus an mheiteachruinne - nó tum-theicneolaíocht.
Tá borradh mór tagtha ar an méid airde atá á tabhairt ar intleacht shaorga le thart ar bhliain go leith anuas. Tá roinnt den phlé, mar shampla go bhfuil na meaisíní ar tí ceannasaíocht a ghlacadh ar an domhan, go hiomlán scoite ón réaltacht. Baineann rioscaí le hintleacht shaorga agus caithfear iad sin a aithint agus a bhainistiú ach caithfear a aithint go bhfuil ré nua teicneolaíochta tosaithe agus go bhfuil buntáistí agus tairbhí ollmhóra le teacht aisti don ghnáthdhuine. Níl an teicneolaíocht seo nua. Tá sí in úsáid ag Meta le níos mó ná deich mbliana chun ár gcuid táirgí a choimeád chomh slán agus is féidir. Ceann de na spriocanna atá againn, mar shampla, ná go mbeidh “cúntóir AI” ag gach duine a úsáideann na táirgí atá ag Meta. D’fhéadfadh an cúntóir cabhrú le duine teacht ar ábhar ar leith ar na hardáin, nó cabhrú le duine ábhar cruthaitheach a dhearadh, nó cabhrú le forbróirí agus táirgí dá gcuid féin á ndearadh acu ag baint leas as na bogearraí “foinse oscailte” a chuirimid ar fáil.
Ceann de na húsáideanna is fearr atá á thástáil sna Stáit Aontaithe faoi láthair ná cúntóir a fheiceann agus a chloiseann an rud céanna leatsa tríd na spéaclaí tum-theicneolaíocha Meta-Raybans. Faoi láthair is féidir leat ceisteanna a chur ar an gcúntóir maidir le rudaí bunúsacha - moladh do bhialanna atá gar duit nó ceist maidir le fíricí; cé a bhuaigh Corn Mhig Uidhir i mbliain áirithe, mar shampla - ach samhlaigh dá bhféadfá ceist a chur cá bhfuil eochracha an tí fágtha agat. Ní fada uainn go mbeidh ar chumas an cúntóir a rá le duine go díreach cá bhfuil siad fágtha aige nó aici. Baineann an úsáid seo leis an ngaol atá idir intleacht shaorga agus an tosaíocht eile atá againn: is í sin an mheiteachruinne. Creidimid nach fada uainn an lá go mbeidh gléasanna tum-theicneolaíocha ar nós spéaclaí agus fearais cinn ábalta an obair chéanna atá an fón póca nó an ríomhaire glúine in ann a dhéanamh inniu. I gceann cúpla bliain, ní bheidh ag teastáil ó dhuine ach spéaclaí agus gléas beag eile agus beifear in ann oibriú ó aon áit, ina suí ar an mbus mar shampla amhail is go bhfuiltear istigh san oifig. Ní hamháin sin, ach beidh tú in ann scáileán IMAX príobháideach a fheiceáil aon áit ina bhfuil duine, más mian leis nó léi féachaint ar scannán. An sprioc atá againne ná cé go mbeidh an teicneolaíocht seo ar fáil do dhuine, ní bheidh sé nó sí scoite ón domhan thart air nó uirthi mar go mbeidh sé ag cur le táirgiúlacht cinnte ach beidh sé ag cur go mór leis an taitneamh a bhainfidh daoine as an saol. Mar shampla, d’fhéadfadh sé jab simplí cosúil le treoracha a thabhairt thart ar chathair nua, nó d’fhéadfadh íomhá de threoraí bheith le feiceáil in aice le duine agus í nó é do thabhairt thart ar iarsmalann nó ar dhánlann.
Cén fáth go bhfuilim ag labhairt faoin teicneolaíocht seo leis an gcoiste? Tá sé soiléir go mbeidh tionchar ollmhór ag tum-theicneolaiocht agus intleacht shaorga ar oideachas agus oiliúint. Beidh tionchar drámata dearfach acu ar chaighdeáin oideachais agus cuirfidh siad go mór leis an taitneamh a bhainfidh daltaí as ábhair a fhoghlaim. Faoi láthair is féidir le daltaí i scoileanna aon áit ar domhan bualadh le chéile i seomra ranga samhalta. D’fhéadfadh daltaí ó Bhaile Átha Cliath freastal ar an rang céanna le daltaí Gaeltachta, mar shampla. Ta sé aitheanta go bhfuil sé i bhfad níos simplí cuimhneamh ar conas rud éigin a rá i dteanga eile má tá sé déanta ag an duine seachas suí i rang agus léamh ó leabhar. Ag baint leas as réaltacht fhíorúil, is féidir le daltaí cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht aon am. Má chuirtear ríomhaire glúine mar áis oideachais i gcomparáid le réaltacht fhíorúil, léiríonn taighde Harvard go sealbhaíonn an dara grúpa 16% níos mó den eolas i ndiaidh seachtaine. Le cur leis sin, tá sé cruthaithe ag Harvard agus Carnegie Mellon gur bealach í an réaltacht fhíorúil le cinntiú go méadaítear tuiscint lucht foghlama teanga ar chultúr, rud a chabhraíonn go mór le líofacht agus a bhaineann baic chun naisc dhaonna a chruthú. Léiríonn staidéar ó ollscoil Chuo sa tSeapáin go mbíonn cúthail ar dhaltaí teangacha eile a labhairt ós comhair daoine eile ach ag baint úsáid as an teicneolaíocht seo, baineann sé an bac atá ar dhaltaí agus tá siad ábalta iad féin a chur in iúl gan a bheith buartha faoi cad a cheapfaidh daoine eile. Ta Meta ag obair le Eirmersive, an t-eagras a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthaí tumtheicneolaíocha in Éirinn, mar chuid de ghrúpa oibre ar an tum-theicneolaíocht san oideachas. Tá sé i gceist ag an ngrúpa seo moltaí a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais faoi na bealaí is fearr leis an teicneolaíocht seo a chur i bhfeidhm i suíomhanna oideachais.
Tá súil agam go dtugann an méid atá ráite agam cur amach do na baill ar an obair atá ar siúl ag Meta faoi láthair agus táim ag súil go mór leis na ceisteanna uathu.
No comments