Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 1 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Dualgais Reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht inniu. Níl réiteach na faidhbe againn fós. Beidh orainn dul ar ais go dtí An Post, cé go ndéarfaidh sé an rud ceannann céanna linn. Tá sé de dhualgas ar an Rialtas déanamh cinnte de go gcloínn An Post leis an dlí agus nach bhfuil mí-eolas nó leaganacha míchruinne de logainmneacha á úsáid faoi aon chonradh a shíníonn an Rialtas. Tá an ceart aige conradh a shíniú le An Post GeoDirectory nó le Capita i leith an chóras Eircode ach tá leaganacha bréaga á scaipeadh acu. Is as aineolas a rinneadh é seo agus tá sé sin ceart go leor ach, ó thosaigh an Coimisinéir Teanga ag déileáil leis seo, tá an t-eolas acu go bhfuil an bunábhar atá á úsáid acu mícheart. Caithfidh an Rialtas brú a chur ar An Post a chinntiú go bhfuil an leagan ceart á úsáid. Déanfaidh muidne ár jab agus labhróimid leis An Post arís. Más gá, tiocfaimid ar ais ag an gceist seo ach bhí gach uile fhadhb atá luaite inniu sa tuairisc. D'fhoilsigh muid í chun a chinntiú go dtuigfeadh an tAire Stáit agus an Roinn go raibh an bhunfhadhb seo ann nuair a bheadh síneadh ar an gconradh á thabhairt acu. Is fadhb bhunreachtúil i slí amháin í toisc gur athrú ón nGaeilge go Béarla atá i gceist, rud a mhaslaíonn an teanga, ach is fadhb reachtúil í go raibh an dlí á bhriseadh. Bhí leaganacha bréaga nó leaganacha Béarla - pé rud gur mhaith leat a thabhairt orthu - de logainmneacha Gaeltachta á n-úsáid agus tá go fóill. Mar a dúirt mé, tá rudaí eile gur féidir iad a fheabhsú, mar shampla, seoltaí daoine ó lasmuigh den Ghaeltacht a bheith as Gaeilge más mian leo. Is féidir féachaint air sin ach is é an príomh-mholadh a bhí sa tuarascáil a chur muid le chéile ná gur chóir déanamh cinnte nach bhfuil an dlí á shárú. Tá súil agam, má thagaimid ar ais i gceann trí bliana nó roimhe, go mbeidh gach rud réitithe agus gur féidir síneadh eile nó conradh nua a thabhairt d'Eircode nó do pé dream eile toisc go bhfuil an bunábhar i gceart agus nach dtagann sé salach ar an dlí nó ar an mBunreacht.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus le Dan Lawlor agus Ben King, atá anseo thar ceann na Roinne, as teacht os ár gcomhair. Cuirfimid deireadh leis an gcuid seo den chruinniú. Beidh cruinniú príobháideach againn chun déileáil le tuarascáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.