Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 1 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Dualgais Reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl fadhb ar bith agam leis an bhfreagra agus an méid atá le teacht. Táimid tar éis dul tríd seo. Níor admhaigh aon cheann de na grúpaí a tháinig os comhair an choiste cé hiad na daoine a d’aistrigh logainm Gaeilge go Béarla. Chuir siad ar fad an milleán ar a chéile. Cibé más GeoDirectory, logainm.ienó pé dream eile atá ann, tá an dlí á bhriseadh agus caithfear é sin a réiteach ó bhun go barr, agus ansin is féidir cinnte a dhéanamh de nach dtarlaíonn sé arís agus gach rud eile. Is é sin a feabhas a luadh níos luaithe. Tá an tArd-Aighne mícheart sa chás seo mar measaim nach dtuigeann sé go bhfuil an dlí á shárú ag comhlacht Stáit nó ag conradh Stáit trí Béarla a bhrú i gceantair Gaeltachta. Tá a lán rudaí eile gur féidir linn a lorg in Eircode amach anseo ó thaobh na Gaeilge de ach sa chás seo tá fadhb. Is féidir liom an suíomh a úsáid i nGaeilge; níl fadhb ar bith ansin. Ní dhéanann sé aon difríocht maidir le an mbunábhar. Má chuirim Ballyferriter isteach sa bhosca cuardach, tiocfaidh Ballyferriter Garda station suas. Má chuirim isteach stáisiún na ngardaí, Baile an Fheirtéaraigh, ní thiocfaidh faic suas. Déarfaidh sé “does not exist”. Má chuirim isteach “scoil náisiúnta” tagann liosta mór scoileanna náisiúnta i ngach uile chontae agus dhá cheann i gCiarraí. Cliceáileann tú ar sin agus níl scoil náisiúnta Bhaile an Fheirtéaraigh le feiceáil. An bhfuil an locht ar an Roinn Oideachais? Níl, mar ní hé a thugann an seoladh d’aon duine. An bhfuil an locht ar An Garda Síochána? Níl. Má théann tú chuig Tigh Uí Chatháin, an teacht tábhairne áitiúil, ní hí a chuireann na sonraí isteach sa bhunachar atá á úsáid ag Eircode. GeoDirectory, logainm.ie, nó pé dream eile. Tá fadhb bhunúsach ann ó thaobh an stuif atá istigh sa chóras. Seachas sin, tá fadhb bhunúsach ann go bhfuil an Béarla á bhrú agus go bhfuil sé sin ag teacht salach ar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus an tús áite atá ag logainmneacha Gaeilge sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.