Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 1 February 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Dualgais Reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Bhí deis agam sracfhéachaint a thabhairt tríd an tuairisc ansin níos luaithe. Tá roinnt eolais ann. Tá cúpla ceist an-mhaith curtha cheana féin ag an Teachta Ní Chonghaile. Chualamar na samplaí ansin maidir leis an tslí a theastaigh ó dhaoine a seoltaí a úsáid nó a chur isteach as Gaeilge.

Bhí mé ag plé le déanaí, le cúpla lá anuas, le fear gnó i mo cheantar féin a raibh duine ag teacht chuige ón Spáinn. Bhí siad ag úsáid an eircode chun iad a threorú chuig an gceantar agus chuig an áit ina raibh an obair le déanamh. Bhí siad in ann na comharthaí bóithre a leanúint ar an mbóthar nó nuair a bhí siad ag teacht amach ó Chorcaigh. Tá le fios go bhfuil an bóthar nua tógtha againn agus bhí deis ag an Aire Stáit féin taisteal air. A bhuíochas don tacaíocht chun an bóthar sin a chur i gcrích. Tá comharthaí, mar a bheifeá ag súil leo, as Gaeilge nuair a threoraítear daoine chuig an nGaeltacht. Bhí mo dhuine ag leanúint an GPS nuair a thángadar anuas ón mbóthar agus bhí orthu stop agus féachaint mórthimpeall orthu mar go raibh an GPS á dtreorú iad chuig Ballymakeery ach bhí na comharthaí bóithre go léir i gcomhair Bhaile Mhic Íre. Ní dhearnadar an connection.

Is léir gur saghas galar tógálach atá ann sa mhéid is go bhfuil an GPS ag brath ar an GeoDirectory chun iad a threorú. Má tá éagóir istigh ansin, scaiptear amach é chuig áiteanna eile agus d’aon duine eile ag úsáid an eolais chéanna. Tá sé tábhachtach é sin a cheartú agus go mbeadh an t-aitheantas ceart tugtha do na háiteanna sa Ghaeltacht le go mbeidís ábalta a n-ainmneacha agus a seoltaí féin a úsáid mar atá sé. Is maith é go bhfuil na céimeanna, mar a luaigh an tAire Stáit, á nglacadh.

Maidir le síneadh an chonartha, cuireadh síneadh le trí bliana. Nuair a bheidh an síneadh ama sin thart, an mbeidh deis síneadh ama breise á chur leis an conradh nó an mbeidh iachall ar an Roinn conradh nua ar fad a dhréachtú, b'fhéidir retendering, agus coinníollacha nua ar fad a dhéanamh? An bhféadfadh an tAire Stáit breis eolais a thabhairt dom air sin, lena thoil? Más rud é go mbeidh deis ann é a cheartú, teastaíonn uainn a chinntiú nach sleamhnódh an deis sin uainn agus go mbeidh sé ceartaithe faoin tráth sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.