Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní fheicim aon chomhalta eile atá ag iarraidh ceist a chur. Mar sin, dá réir, is féidir liom críoch a chur leis an cuid seo dár gcruinniú. Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leis na finnéithe, le John Howlin agus Margaret McCabe ach go háirithe, agus chomh maith le sin le Ruth Cullen agus Amy Mitchell, as ucht bheith anseo agus a dtuairimí a roinnt linn. Táimid buíoch dóibh agus cuideoidh sé lenár gcur chuige. É sin ar fad ráite, ba chóir dúinn mar choiste scríobh arís chuig an gCoiste an Choimisiún um Cheapacháin Ardleibhéil ag iarraidh ar na baill freastal ar an gcruinniú chun na ceisteanna nach rabhthas in ann a fhreagairt a fhreagairt, fiú agus an plean náisiúnta á ullmhú acu. Táimid ag díriú isteach ar cad atá ag tarlú faoi láthair agus roimhe seo agus b'fhéidir cad a tharlóidh amach anseo. Déanfaimid déileáil leis an bplean náisiúnta nuair atá sé foilsithe. Má foilsítear é i mí an Mheithimh, b'fhéidir gur tar éis an tsamhraidh a bhéas i gceist ag an staid sin ach ba mhaith linn díriú isteach ar na ceisteanna seo anois mar go bhfuil postanna á líonadh faoi láthair agus go bhfuil ceist mhór ann maidir le na coinníollacha Gaeilge a d'ardaigh na Teachtaí Connolly agus Ó Cuív, nó a leithéid de cheist. Níl muid ag caitheamh anuas nó ag déanamh ceistiú orthu siúd a roghnaíodh sna postanna seo. Is ceist ghinearálta í: cén fáth go bhfuil an cuma ar chúrsaí, de réir an choiste, go bhfuil neamhaird nó nach bhfuil tús áite á thabhairt don Ghaeilge i gceapachán ar leith ina mbeadh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine má tá siad chun cuidiú le cur chun cinn na Gaeilges na Ranna nó sna ceantair a luadh?

Leis sin, cuirim clabhsúr leis an díospóireacht don lá inniu. Tá sé i gceist againn díriú ar sheisiún príobháideach anois. Mar sin, cuirfidh mé an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad sular leanfaimid ar aghaidh leis an gcuid eile de choiste an lae inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.