Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Ms Amy Mitchell:

Mé féin agus beirt oifigeach feidhmiúcháin. Mar a luaigh Margaret McCabe níos luaithe, tá grúpa Gaeilge inmheánach againn - bainisteoirí sinsearacha do chuid is mó - a thagann le chéile go tréimhsiúil chun polasaí Gaeilge agus imeachtaí Gaeilge agus mar sin de a phlé le chéile agus a eagrú. Maidir leis an gcineál oibre atá ar siúl againn, táimid ag obair le TEG faoi láthair chun uirlis a fhorbairt a chabhróidh leis na heagraíochtaí cliaint leibhéil cuí Gaeilge a roghnú do phoist éagsúla. Beidh siad in ann úsáid a bhaint as an uirlis chun an leibhéil cuí a aithint do phoist éagsúla. Ansin, beidh sé níos éasca orainne measúnú a dhéanamh ar iarrthóirí nuair atá tuiscint againn ar an leibhéil atá ag teastáil. Is é sin an cineál oibre atá ar siúl againn. Go neamhfhoirmiúil, cuirimid seisiúin comhrá ar siúl san eagraíocht go hinmheánach, mar shampla bhí seisiún ar siúl roimh na Nollag a bhí dírithe ar scileanna gutháin agus mar sin de toisc go mbíonn baill foirne na heagraíochta ag plé leis an bpobal ar an nguthán go minic. Táimid ag obair anois leis an aonad foghlamtha agus forbartha, learning and development unit, chun imeachtaí a eagrú do Sheachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.