Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 January 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Agus mé i mo shuí anseo mar Theachta Dála, tá sé thar a bheith deacair a chreidiúint go mbeadh post faoi leith i gcathair dhátheangach agus gan aon riachtanas ó thaobh na Gaeilge de ag baint leis, agus tá sé sin ag tarlú fud fad na tíre. Fadhb amháin é sin. Críochnóidh mé anois ach laistigh den eagraíocht, cén dul chun cinn atá déanta ag PAS ó thaobh na Gaeilge de? Luaigh Margaret McCabe coiste Gaeilge agus cúrsaí faoi leith. Ó thaobh na foirne féin, cén dul chun cinn atá déanta?
No comments