Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 January 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Le déanaí, bhí próiseas i gceist d’agallamh do phríomhfheidhmeannach nua do chathair na Gaillimhe. Chuir sé déistin orm nach raibh gá le Gaeilge don phost sin, post an phríomhfheidhmeannaigh ar chathair dhátheangach ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír. Ar tháinig an post sin trí chóras PAS? Níl mé ag iarraidh locht a fháil ach tá mé ag iarraidh a fháil amach cén chaoi gur féidir linn an rud a athrú. Cén chaoi ar tharla sé go mbeadh post chomh tábhachtach sin i gcathair dhátheangach agus gan aon riachtanas ó thaobh na Gaeilge de?
No comments