Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 January 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá míthuiscint ar mo thaobhsa. Ní thuigim. An rud ba dhearfaí a d'eascair as an reachtaíocht nua ná go bhfuil dualgas ar gach Roinn agus ar eintitis éagsúla fógraí a chur amach i nGaeilge agus i mBéarla agus tá an-dul chun cinn déanta. Cloisim i bhfad níos mó Gaeilge ar RTÉ anois, mar shampla, agus is rud dearfach é sin. Nach rud dearfach agus rud maith é sin ó thaobh advertising?
No comments