Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigim é sin ach tá sé ráite anois anseo go soiléir ag oifigeach ón Roinn caiteachais phoiblí gurb é an Roinn, seachas an tAire nó an Rialtas, a shocraíonn gur gá nó nach gá Gaeilge a bheith ag Ard-Rúnaí Roinn na Gaeltachta agus gur rud inmheánach é mar gur ritheamar an slabhra sin gur thángamar más ea. Is dócha go gcaithfimid anois an Roinn a ghlaoch isteach mar is léir gurb iad siúd a shocraigh é seo. Le breathnú ar cé chomh háiféiseach is atá sé seo, an gceapann ár bhfinnéithe go mbeadh sé réasúnach príomhfheidhmeannach a cheapadh ar TG4, ar Údarás na Gaeltachta nó ar Fhoras na Gaeilge nach raibh Gaeilge acu? Bíonn ardleibhéal scileanna ag teastáil ó na daoine sin ar fad, réimse leathan, agus mar sin de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.