Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An mbeifeá ag ceapadh i gcás an príomhoifigigh sláinte, mar shampla, sa Roinn leasa shóisialaigh, go mbeifear ag déanamh cinnte de go raibh cáilíocht dhochtúra ag an duine? Nuair atáthar ag ceapadh príomhfheidhmeannach nó Ard-Rúnaí ar Roinn na Gaeltachta, ní thuigim cén fáth nach bhfuil sé de riachtanas, sa liosta mór millteanach cáilíochtaí ar fad, an Ghaeilge bheith ann, mar a bhíodh fada ó shin. Bhí sé sin ann amhlaidh ó bunaíodh an Stát go dtí le gairid agus frítheadh daoine a bhí thar a bheith cumasach, dála an scéil. Tá John Howlin ag rá gur cheap duine éigin sa chóras go raibh an oiread sin cumhacht aige nó aici, thar an Rialtas, nach raibh Gaeilge riachtanach don té a bheadh ina hArd-Rúnaí nó ina Ard-Rúnaí i Roinn na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.