Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is é an rud atá ann ná ní thuigim an fáth go gcaithfear cur isteach. Mar shampla, níl mé sa státseirbhís agus tagann sé i mo chloigeann go dtiocfaidh mé isteach sa státseirbhís. Tá post fógartha agus deir sé go gcaithfear Gaeilge a bheith ag an duine. Tá Gaeilge ag an duine seo ach tá Béarla chomh maith céanna acu agus b'fhéidir go bhfuil Gaeilge agus Béarla níos fearr acu ná mar atá ag go leor daoine nach bhfuil ach Béarla acu. Caithfidh an duine seo cur isteach ar an bpost Gaeilge seo agus dul ar ais ansin agus cur isteach ar phainéal ar fad eile don Bhéarla, fiú amháin go bhfuil an dá rud aige nó aici ón tús.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.