Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 January 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Nílim ag rá nach ndéantar obair tríd an dá theanga.
Is riachtanas é sin má táthar ag obair i m'oifig, i nGaeilge nó i mBéarla, agus ní fhostóidh mé aon duine nach bhfuil Gaeilge agus Béarla ar an dtoil acu. Is í an Ghaeilgelingua francana hoifige go hinmheánach s'againne. Ach ó thaobh plé leis an bpobal de, labhraítear Béarla le Béarlóirí agus Gaeilge le Gaeilgeoirí. Is é an rud a bhí ann ná nuair a rith mé an comórtas, theastaigh uaim go mbeadh daoine a bheadh Béarla agus Gaeilge acu. Bhíodar istigh ach d'fhéadfaidís siúd feidhmiú agus dul go dtí oifig eile nach raibh an Ghaeilge riachtanach agus d'fhéadfaidís siúd feidhmiú agus bheadh siad siúd chomh cáilithe le duine ar bith eile. Ní bheadh an duine gan Ghaeilge cáilithe, ámh, chun dul i m'oifig ó phost ar bith eile nach raibh an Ghaeilge riachtanach. Tá Margaret McCabe ag rá le bheith ar an bpainéal Gaeilge, go gcaithfear cur isteach go comórtas amháin agus, tar éis go bhfuil Béarla agam ón tús, le bheith ar an bpainéal Béarla, go gcaithfear cur isteach ar chomórtas eile.
No comments