Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 January 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Má tá mé ag iarraidh a bheith ar fáil do na poist le Gaeilge riachtanach agus do na poist le Béarla riachtanach, is é sin, poist nach bhfuil Gaeilge riachtanach iontu, caithfidh mé cur isteach ar dhá chomórtas. Má chuirim isteach ar an gcomórtas Gaeilge, cáileoidh sé sin mé le haghaidh na poist le Gaeilge riachtanach ach ní bheidh mé cáilithe go huathoibríoch do na poist le Béarla riachtanach. Cén fáth go gcaithfear cur isteach ar dhá chomórtas? Is é an rud atá i gceist agam ná seo: más Béarla amháin atá agam, cuirfidh mé isteach ar phost le Béarla. Níl aon mhaith mé a bheith san áireamh le haghaidh poist ina bhfuil an Ghaeilge riachtanach. Más Gaeilgeoir mé, by definition tá Béarla agam. Cad chuige nach bhfuil mé cáilithe anois don dá phost? Is í sin an cheist.
No comments