Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, táim idir dhá choiste. Táim ar an gcoiste iompair agus tá cúrsaí bóithre iarainn á bplé taobh istigh ansin so níor chuala mé gach rud atá ráite. Mar sin, b'fhéidir go mbeidh mé ag treabhadh na dtailte don dara huair.

Maidir le hearcaíocht i láthair na huaire, dúradh go mbíonn comórtais faoi leith do Ghaeilgeoirí. Má chuireann duine isteach ar an gcomórtas sin, an é an rud a tharlódh ná go gcuirfear é nó í ag obair in áit a bhfuil Gaeilge riachtanach? An ndúntar amach iad ó phoist ghinearálta sa státseirbhís? Ba mhaith liom soiléiriú ar an gceist sin. D'iarr muid an soiléiriú sin cheana ach ní bhfuair muid é. Agus mé ag obair chuile lá, déanaim mo chuid oibre trí Bhéarla agus trí Ghaeilge. Táim chomh cumasach i mBéarla leis an gcéad duine eile. Cad chuige nach mbeadh? Is í an difríocht atá ann ná go bhfuil mé ar mo chompord a bheith ag obair trí Ghaeilge freisin. Níl aon Ghaeilgeoir ar eolas agam a bheadh ag cur isteach ar jab sa státseirbhís nach bhfuil Béarla aige nó aici. Mar sin, is é an rud atá againn ná daoine nach bhfuil acu ach Béarla agus daoine a bhfuil sé ar a gcumas feidhmiú trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Má chuirim isteach ar an gcomórtas Gaeilge, an gcoinneofar amach mé ó na poist a bhfuil Béarla in uachtar iontu as sin amach? Mar sin, an mbeidh mo sheansanna ó thaobh dul chun cinn sa tseirbhís phoiblí teoranta dá bharr? Is í sin an chéad cheist.

Is í an dara ceist ná, ar thuig mé ón tagairt a ndearnadh go mbíonn sé deacair ar an tseirbhís dóthain iarrthóirí fíorcháilithe a fháil do na comórtais Ghaeilge? Cén céatadán den earcaíocht atá i gceist ansin? Is é sin, cén céatadán de na poist uilig atá ina bpoist a bhfuil sé ráite fúthu go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag an duine? Tabharfaidh sé sin tomhas dúinn ar an gcnoc atá le dreapadh againn as seo go 2030.

Baineann an chéad cheist eile atá agam leis an gceapachán le gairid. Tréaslaím leis an té a fuair an jab mar Ard-Rúnaí ar an Roinn turasóireachta. Tá togha na Gaeilge aige agus buíochas le Dia go bhfuil ach ní léir ó na freagraí a fuair muid go raibh aon riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag an té sin. Más buan mo chuimhne, ba é an rud a bhí ráite ná go mbeadh sé "indéanta" go mbeadh. Ó thaobh seirbhíse de agus tar éis cúram Aire na Gaeltachta a bheith orm ar feadh píosa fada, is deacair domsa a thuiscint cén chaoi go bhféadfaí duine a cheapadh sa Roinn a chuimsíonn na freagrachtaí Gaeltachta gan Gaeilge scríofa agus labhartha a bheith ar a chumas nó ar a cumas aige nó aici. Ba é mo chuimhne ar an Roinn ná go raibh na meamraim a bhí á scaipeadh maidir le cúrsaí Gaeltachta scríofa i nGaeilge. Tháinig na nithe inmheánacha a bhain leis sin chugam go minic agus níor aistríodh iad go Béarla. Cad chuige a d'aistreofaí? Mar a chéile, nuair a bhí muid ag plé gnóthaí sna Forbacha, ba lingua franca na hoifige an Ghaeilge agus rinneamar an plé ar fad i nGaeilge. Níor úsáideadh an Béarla riamh i mo thaithí. Cén chaoi a bhféadfadh Ard-Rúnaí feidhmiú gan é sin a bhriseadh mura mbeadh an Ghaeilge aige nó aici? Cén fáth nár leagadh síos go gcaithfidh Gaeilge d'ardchaighdeán - is plé eile ar fad é sin go gcaithfimid a chuimsiú lá éigin eile - a bheith ag an té a cheaptar? Cén chaoi a bhféadfadh an duine a bheidh sa bpost sin feidhmiú gan ardchaighdeán Gaeilge a bheith aige nó aici?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.