Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na daoine atá anseo inniu. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le mo chomhghleacaithe as an díospóireacht seo. Tá sé iontach tábhachtach. Tá cúpla ceist agam agus táim ag iarraidh bhur mbarúlacha a fháil maidir le cúpla ábhar.

An bhfuil ár bhfinnéithe ag déanamh aon taighde nó tomhas ar an gcaighdeán Gaeilge atá ag na déagóirí atá ag teacht amach tar éis na hardteistiméireachta, ní hamháin ó na Gaelscoileanna agus ó na Gaelcholáistí sa Ghaeltacht ach an caighdeán sna scoileanna dara leibhéal a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla?

An bhfuil an caighdeán don tslí isteach ag déanamh sárú ar an earcaíocht? An bhfuil fadhb leis an gcaighdeán sin? Cúpla bliain ó shin, bhí fadhbanna agus deacracht faoin gcaighdeán agus bhí an caighdeán iontach ard ag an am. An bhfuil aon athrú ar an gcaighdeán, mar shampla do dhuine atá ag teacht amach ó na scoileanna dara leibhéal a tógadh sa Ghaeltacht? Tá neart Gaeilge acu. B'fhéidir go mbeadh fadhbanna leis an gcaighdeán maidir leis an scríbhneoireacht. Bhí siad in ann an Ghaeilge a labhairt agus ní raibh fadhb ar bith acu leis sin ach b'fhéidir go mbeadh ceist mhór ann maidir leis na scileanna scríbhneoireachta, léimh agus le rudaí mar sin.

Maidir le ceist a trí, táim ag smaoineamh faoi na haistritheoirí san Eoraip. Tá scéal dearfach bainte amach maidir le fáil réidh leis an maolú san Eoraip anois. Tá an t-éileamh ann ansin dá bharr anois. An bhfuil sé sin ag cothú aon fhadhbanna nó mhíbhuntáistí? Táim ag smaoineamh faoin gcomórtas idir na poist sa státseirbhís agus na daoine atá ag smaoineamh faoi na deiseanna atá ar fáil anois sa Bhruiséil nó i Strasbourg. Is léir go bhfuil an figiúr 20% mar shlat tomhais. Níl an t-ábhar seo éasca agus is é an rud is mó i mo thuairim féin ná an teachtaireacht dhearfach a bhaint amach do na tuismitheoirí agus na deiseanna atá ar fáil anois do dhaoine le Gaeilge. B'fhéidir go mbeadh seans ann faoi choinne níos mó teachtaireachtaí a fhoilsiú tríd na meáin agus na meáin shóisialta. Cinnte, tá ár bhfinnéithe á dhéanamh sin ach b'fhéidir go mbeadh níos mó deiseanna ann faoi choinne sin amach anseo fosta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.