Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Tá a fhios agam gur ceann de na róil thábhachtacha é sa Roinn caiteachais phoiblí mar is é sin an ról atá á chur i bhfeidhm ag an Roinn sin ó thaobh earcaíochta de. Ba cheart mar sin go mbeadh ról tábhachtach ag an Roinn agus go mbeadh an Roinn ag cur brú ar chuile phíosa den státseirbhís chun an sprioc seo a bhaint amach nó go mbeadh dul chun cinn maith chun an céatadán seo a bhaint amach. Gabhaim buíochas lenár bhfinnéithe as a bhfreagraí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.