Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe anseo chuig an gcoiste seo: John Howlin, Margaret McCabe agus Ruth Cullen. I dtús báire ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Feargal Ó Coigligh, an tArd-Rúnaí nua sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is duine é atá líofa sa Ghaeilge. Tá sé sin tábhachtach don Roinn atá ag plé le cúrsaí sa Ghaeltacht agus le cúrsaí Gaeilge. Ba mhaith liom mo bhuíochas freisin a ghabháil le Catherine Licken, an t-iarArd-Rúnaí, as an obair atá déanta aici sa Roinn le seacht mbliana anuas.

Teastaíonn daoine le Gaeilge ar gach uile leibhéal sa státseirbhís agus b'fhéidir go bhfuil sé níos éasca daoine a fháil ag an leibhéal is ísle ar dtús agus beidh na hoibrithe sin ag teacht dá réir tríd an státseirbhís agus ag fáil ardú céime thar na blianta. An bhfuil an t-ábhar seo á phlé ag leibhéal ard sa Roinn caiteachais phoiblí nó an bhfuil an teagmháil nó an caidreamh sin idir an Roinn agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.