Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Luaigh an bheirt chainteoir “pigeonholing” agus glacaim gurb í seo ceann de na fadhbanna atá aitheanta. Cad iad na céimeanna atá á dtógáil ag ár bhfinnéithe chun é sin a cheartú nó chun déileáil leis sin faoi láthair?

Is é an dara rud ná go bhfógraíonn an tseirbhís gach saghas poist eile agus b'fhéidir go bhfuil riachtanais i gcomhair teangacha eile nó faoi scileanna ar leith. Más rud é nach bhfuil iarrthóirí tagtha chuig an tseirbhís leis na scileanna éagsúla atá á lorg aici, cad a dhéanann an tseirbhís chun iad a mhealladh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.