Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

B'fhéidir go bhfuil míthuiscint ann i dtaobh na ceiste. Maidir leis an gcóras reatha, cén fáth nach bhfuil daoine ag déanamh iarratas? Cén fáth a bhfuil an líon sin chomh híseal? Cad iad na constaicí atá feicthe ag PAS? Tá sé ag plé leis seo go laethúil. Seolann sé amach fógraí ag lorg daoine chun poist a líonadh. Conas atá sé sin á láimhseáil? Surely, níl sé ag scaoileadh amach na fógraí agus an rud a fhágáil ansin. Cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun daoine a mhealladh i dtreo na bpost? Tá a fhios againn go bhfuil siad ann. Thug mé sampla An Gharda ach níl ansin ach sampla. Táim cinnte go bhfuil a leithéid ag tarlú i gcomhair post eile. Cad iad na hiarrachtaí atá PAS ag déanamh faoi láthair chun na Gaeilgeoirí atá ann a mhealladh chuige? Tá sé soiléir dó féin go bhfuil deacracht ann. Cad iad na constaicí atá aitheanta aige? Cad atá ar siúl aige chun dul i ngleic leis sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.