Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim chun díriú isteach ar chúpla gné faoi leith. Mar a luaigh an Cathaoirleach, tá sprioc dhúshlánach ansin leis an 20%, ar a laghad, d'earcaithe. Cloisim ó na finnéithe go mbeidh córas á chur le chéile chun dul i ngleic leis sin. Cé chomh tapa a bheidh siad ag súil go mbeidh siad ag díriú isteach air sin agus ag baint amach an líon sin? An bhféadfaidís treoir a thabhairt air sin?

Idir an dá linn, leanfaidh an córas reatha chun daoine a earcú. Mar a luadh, tá roinnt post fógartha agus is amhlaidh go bhfuil sé deacair iad a líonadh agus nach bhfuil puinn iarratas orthu. Cén fáth? Cad iad na constaicí? Conas atá na heagraíochtaí ag déileáil leis sin? Cloisimid go bhfuil roinnt mhaith Gaeilgeoirí líofa nach ndéanann iarratas ar an sruth Gaelainne, cuir i gcás, i gcomhair An Garda Síochána. Is dóigh liom go dtarlaíonn a leithéid sin le poist eile chomh maith. Cén fáth? Cad iad na constaicí agus conas atáthar á láimhseáil agus ag mealladh na daoine sin atá ann cheana féin i dtreo na bpost sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.