Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 January 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Má tá daoine le Gaeilge ag cur isteach ar phoist, go háirithe san am atá againn nuair nach bhfuil daoine socair, caithfidh na poist a bheith ann chomh tapa agus is féidir nó beidh siad imithe thar lear nó go dtí post éigin eile. Tá sé go maith cloisteáil faoi OneLearning, na apprenticeships agus an internship. Faoi láthair, an bhfuil mórán post ann a bhfuil coinníoll Gaeilge ag baint leo, is é sin le rá, go gcaithfidh leibhéal Gaeilge a bheith ag iarrthóirí? Tá a fhios agam go mbeidh amach anseo.
No comments