Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tosóidh mé agus tiocfaidh mé ar ais chuig an Seanadóir má tá ceisteanna aige ag an staid sin. Ar dtús báire, gabhaim buíochas as an méid atá ráite ag na finnéithe. Níl a fhios agam an dtuigeann siad cé chomh lárnach is atá an obair atá acu maidir le hearcaíocht agus daoine a earcú don státseirbhís nó córas poiblí amach anseo chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Is é an dúshlán atá ag teacht síos ar an dá eagras agus ar an gcoiste nach bhfuil linn inniu ná na poist sin a líonadh. Is é 20% an minimum faoi 2030. Is dúshlán mór agus jab mór é sin. Nuair a bhí muidne ag plé Bille na dTeangacha Oifigiúla, thuig muid go raibh jab mór le déanamh. Measaim gur thuig an tAire Stáit é sin freisin. Shíl muidne, nó shíl mise ar aon chaoi, go mbeadh muid níos mó chun tosaigh ó thaobh a bheith cinnte go mbeidh an Stát in ann an 20% sin a chomhlíonadh. Níl a fhios agam. B'fhéidir gur féidir leis na finnéithe míniú a thabhairt ar an méid atá tarlaithe ó 2021 go dtí anois chun cuidiú le daoine atá ag cur isteach ar phoist sna córais dhifriúla an Ghaeilge atá acu a léiriú. An bhfuil a n-eagraíochtaí ag déanamh cinnte de go dtuigeann daoine óga, daoine atá ag teacht amach as an ollscoil agus daoine eile cé chomh lárnach a mbeidh an Ghaeilge amach anseo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.