Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ábhar an lae inniu atá le plé ná cumas dátheangach na n-oifigeach ardbhainistíochta sa státseirbhís. Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh comhaltaí eile a bheidh ag freastail ar an gcruinniú agus, dár ndóigh, roimh ár lucht féachana ar Theilifís an Oireachtais. Chomh maith leis sin, fearaim fáilte ar leith roimh na finnéithe atá anseo linn i seomra coiste 4: John Howlin, príomhoifigeach, atá mar ionadaí thar ceann an choiste chomhairlí um sheirbhísí Gaeilge sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh PFN agus Athchóirithe; Ruth Cullen, príomhoifigeach cúnta sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh PFN agus Athchóirithe; Margaret McCabe, príomhfheidhmeannach sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, PAS; agus Amy Mitchell, aistritheoir sa PAS. Tá na finnéithe ar fad ag freastail ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4. D’iarr muid ar dhaoine eile a bheith i láthair ach ní raibh sé ar a gcumas a bheith linn.

An fáth go bhfuilimid ag díriú isteach air seo ná, ó 2030 ar aghaidh, go dtiocfaidh na ceapacháin ardleibhéil Ard Rúnaithe agus ard-rúnaithe cúnta na Ranna Stáit éagsúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2021 agus faoin fhoráil go mbeidh 20% de na poist sin ag oifigigh a bhfuil líofacht fheidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla acu. Tagann na ceapacháin seo ar fad faoi scáth Coiste na gCeapachán Ardleibhéil, TLAC, agus is chuige sin a thugamar cuireadh de chathaoirleach an choiste sin teacht os ár gcomhair. Tá díomá orainn nach raibh sí in ann freastal ar an gcruinniú inniu. Dúirt sí nár shíl sí go mbeadh sé oiriúnach freastal ar an gcruinniú toisc go bhfuil siad i lár oibre ar an bplean náisiúnta maidir le seirbhísí Gaeilge i dtaca le cúrsaí earcaíochta. Sin ráite, tá súil agam go mbeidh sí in ann teacht os ár gcomhair ag am eile as seo amach nuair a mbeidh an plean náisiúnta sin críochnaithe agus nuair a mbeidh muid ag déanamh cíoradh ar a luafar maidir le hearcaíocht ag na leibhéil dhifriúla. Tá roinnt de ar eolas againn cheana féin.

Sula leanfaimid ar aghaidh lenár mbreathnú ar an ábhar seo, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo: meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseán ar siúl an t-am go léir agus iad ag labhairt agus go mbeadh siad le feiceáil ar an scáileán. Baineann na coinníollacha seo le finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil, rud nach bhfuil i gceist inniu. Ba chóir dóibh siúd atá ag teacht isteach ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go mbíonn na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint sa chruinniú. Níor mhaith liom aon chomhrá eile a chloisint nó aon chomhráite pearsanta a thaifead.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba cheart go ndéanfar amhlaigh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.

Anois, agus é sin ar fad ráite agus aontaithe againn, iarraim ar John Howlin a ráiteas tosaigh a dhéanamh thar ceann an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh PFN agus Athchóirithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.