Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 January 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cumas Dátheangach na nOifigeach Ardbhainistíochta sa Státseirbhís: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú atá ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 Thithe an Oireachtais ach go bhfuil gné fhíorúil Microsoft Teams mar chuid de freisin. Tá ceithre comhalta i láthair sa seomra coiste agus ar líne. Is iad siúd atá i láthair ná mé féin; an Teachta Éamon Ó Cuív; an Teachta Aindrias Ó Muineacháin, atá ar líne; agus an Seanadóir Seán Kyne, atá ar líne chomh maith céanna. Tá seans go mbeidh daoine eile istigh linn i gceann tamaillín. An chéad gnó ná aitheantas a thabhairt don iar-Sheanadóir Niall Ó Donnghaile atá tar éis éirí as a phost mar Sheanadóir. Ba bhall don choiste é ar feadh tréimhse fhada. Guímid gach rath air agus gabhaimid ár mbuíochas leis as ucht an ama a chaith sé mar chomhalta don chomhchoiste seo. Glacaim leis go n-aontaíonn daoine le sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.