Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 December 2023
Joint Oireachtas Committee on Social Protection
Water and Energy Connections in Rural Areas: Discussion
Mr. Aod?n Mac an Mh?le:
Tá thart ar 20 conradh farantóireachta san iomlán ag an Roinn seo ag freastal ar na hoileáin amach ón gcósta. Cuimsíonn sé sin báid farantóireachta do phaisinéirí agus báid lastais chomh maith céanna. Tá seirbhísí lastais ag freastal ar nach mór na hoileáin ar fad. Tá fóirdheontas á íoc leis na farantóirí sin leis na seirbhísí a reáchtáil. Tá táillí éagsúla leagtha amach do na hábhair éagsúla a bhíonn á n-iompar ar na seirbhísí sin. Toisc go mbíonn ábhair tógála, ola, ábhair éadroma agus gach sórt ábhar eile i gceist, tá réimse praghsanna ag baint leis na seirbhísí sin.
Tá geallúint tugtha againn mar Roinn sa pholasaí Ár nOileáin Bheo go ndéanfaimid athbhreithniú ar an struchtúr praghsála a bhíonn ar na conarthaí lastais mar is ábhar é sin a tháinig aníos go mór tríd an bpróiseas comhairliúcháin leis na hoileáin. De réir mar atá conarthaí anois ag teacht aníos le hathnuachan, táimid ag breathnú ar an praghasliosta atá ann agus ag labhairt leis na hoileánaí le féachaint céard iad na brúphointí atá acu. Cheana féin, tá athnuachan déanta againn ar an gconradh lastais do na hOileáin Árann le cúpla mí anuas agus bhí ábhair bhruscair agus athchúrsála luaite go mór. Bíonn costas mór ag baint leis na scipeanna a thabhairt isteach chuig na hoileáin agus fáil réidh le bruscar ar na hoileáin. Is é an chaoi ina n-oibríonn an praghasliosta atá againn ná go bhfuil uaschostas i gceist. Rinne muid laghdú air sin ó thaobh na scipeanna bruscair agus athchúrsála. Dá réir, tá costas níos ísle anois ar na hoileánaí ó thaobh a gcuid ábhair bruscair. Is é sin cad a dhéarfainn air. Tá geallúint tugtha againn go ndéanfaimid athbhreithniú iomlán. Beidh próiseas ar bun againn le Comhdháil na nOileán le breathnú air sin.
No comments