Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 December 2023

Joint Oireachtas Committee on Social Protection

Water and Energy Connections in Rural Areas: Discussion

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Shíl mé mar rannóg na n-oileán go mbeadh sí ar an talamh ag fáil na bhfadhbanna agus ag gabháil - ní ag fanacht - ach ag gabháil chuig na heagrais eile ag rá go bhfuil an fhadhb seo le huisce nó le séarachas ann, go gaithfear é a réiteach agus gurb é seo an méid atá an rannóg sásta a chur isteach sa phota chun déileáil leis an bhfadhb seo le seirbhísí fisiciúla sláintiúla agus mar sin de. Bheadh an rannóg ag gabháil chuig na heagrais ag tairiscint seachas a bheith ag fanacht go dtiocfadh iad siúd chuig an rannóg. Níl sé mar thosaíocht acu siúd ach tá sé mar chéad tosaíocht ag rannóg na n-oileán. Feictear dom gurb é sin an difríocht atá ann. Ar ndóigh, tá i bhfad níos lú airgid ag an rannóg agus caithfear an t-airgead a mhéadú, ach ní airgead mór atá i gceist. Dá mbeadh €20 milliún sa bhliain ag an rannóg, bheadh sí ag déanamh togha na hoibre agus chlúdódh sé chuile shórt, céanna agus a leithéid. Teastaíonn an infheistíocht, agus mar sin, ar na hoileáin. Má táimid ag gabháil ag coinneáil pobail inmharthana bhuana ar na hoileáin, teastófar cineál infheistíochta mar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.