Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 December 2023
Joint Oireachtas Committee on Social Protection
Water and Energy Connections in Rural Areas: Discussion
Mr. Aod?n Mac an Mh?le:
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Mar a luaigh an tAire, an Teachta Humphreys, nuair a bhí sí anseo cúpla seachtaine ó shin, faoi scéim CLÁR, go bhféadfaí é sin a úsáid le tuilleadh airgid a fháil ón na Ranna atá freagrach. Is dóigh go bhféadfaí an cur chuige céanna a úsáid a bhaineann leis an airgead caipitil atá ann do na hoileáin faoi láthair agus le cúpla bliain anuas agus is ar na bóithre, na céanna, agus mar sin go príomha a bhí an bhéim. Tháinig laghdú thar na mblianta ar an mbuiséid caipitil le hais deich nó b’fhéidir 15 déag ó shin nuair a bhí na hoibreacha eile a bhí an Teachta ag caint air, ag tarlú. Is cinnte, le cúpla bliain anuas, gur cuireadh an bhéim ar na mion-oibreacha leis na comhairlí contae ach go háirithe. Le dhá bhliain nó trí bliana anuas áfach, tá go leor infheistíochta déanta san aerfort i gConamara agus sna haerfoirt ar na hoileáin chomh maith céanna. Agus an polasaí foilsithe anois, táimid ag breathnú ar na háiteanna eile agus na deiseanna eile. Mar a luaigh an tAire, má tá deis ann an t-airgead atá againn a úsáid chun spreagadh a thabhairt do Ranna eile a gcuid dualgais a chomhlíonadh agus teacht chun cinn le scéimeanna, beimid sásta labhairt leo agus féachaint ar aon phleananna atá acu chuige sin.
No comments