Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 December 2023
Joint Oireachtas Committee on Social Protection
Water and Energy Connections in Rural Areas: Discussion
Mr. Aod?n Mac an Mh?le:
Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as an deis labhartha leis ar maidin. In éineacht liom inniu, mar a dúirt an Cathaoirleach, tá mo chomhghleacaí, Robert Nicholson, príomhoifigeach san aonad um straitéis tuaithe agus fiontraíocht shóisialta. Tuigim gur reáchtáladh cruinniú den choiste seo ar Oileán Árainn Mhór le déanaí agus, dá réir, fáiltím roimh an deis nuashonrú a dhéanamh don gcoiste ar obair na Roinne i gcomhthéacs Ár nOileáin Bheo, polasaí náisiúnta na n-oileán agus plean gníomhaíochta ina leith, a sheol an tAire, an Teachta Humphreys, ar Árainn Mhór i mí Mheithimh na bliana seo.
Beidh a fhios ag an choiste gur aistríodh cúram na n-oileán chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail díreach os cionn trí bliana ó shin, i mí Mheán Fómhair 2020. Tá formhór foirne rannóg na n-oileán lonnaithe in oifigí i nGaeltacht Chonamara sna Forbacha agus le baill foirne i nDoirí Beaga, Contae Dhún na nGall agus ag ceannáras na Roinne anseo i mBaile Átha Cliath. Is trí mheán na Gaeilge go príomha a fheidhmíonn an rannóg ar bhonn laethúil, agus cuirimid seirbhís dhátheangach ar fáil do na hoileáin Ghaeltachta agus neamh-Ghaeltachta araon.
Is polasaí náisiúnta, uaillmhianach, deich mbliana é Ár nOileáin Bheo a cuireadh le chéile chun tacú le pobail bhríomhara inbhuanaithe ar na hoileáin. Beidh pleananna gníomhaíochta trí bliana mar thaca le cur i bhfeidhm an pholasaí, le gealltanais faoi cheangal ama ionas gur féidir Ranna agus gníomhaireachtaí ar fud an Rialtais a choinneáil cuntasach. Áirítear orthu sin fíorghníomhaíochtaí inbhraite i réimsí amhail tithíocht, nascacht, cianobair agus seirbhísí sláinte.
Tá ár gcuid oileán amach ón gcósta agus a gcuid pobal ina ndlúthchuid den tuath in Éirinn, mar a léirítear in Ár dTodhchaí Tuaithe, Polasaí Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025. Dá réir, baineann cur i gcrích an pholasaí seo leis na prionsabail chéanna atá in Ár dTodhchaí Tuaithe agus muid ag obair inár gcuid iarrachtaí chun na hoileáin go léir a chuimsiú chun deiseanna agus rannpháirtíocht chomhionann a bheith ag gach pobal sa tsochaí, beag beann ar a láthair.
Tá Ár nOileáin Bheo bunaithe ar chúig chuspóir straitéiseacha ardleibhéil atá aitheanta ag muintir na n-oileán féin mar chinn ríthábhachtacha do thodhchaí inbhuanaithe a bpobal. Forbraíodh an polasaí trí phróiseas fairsing comhairliúcháin le pobail na n-oileán. Tá sé mar aidhm leis a chinntiú gur féidir le pobail inbhuanaithe bheoga leanúint orthu ag caitheamh a saoil, agus iad faoi bhláth, ar na hoileáin amach ón gcósta ar feadh na mblianta fada. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí stop a chur leis an meath daonra atá feicthe ar fhormhór na n-oileán agus todhchaí inbhuanaithe a chruthú do phobail na n-oileán agus iad a chumasú i bhforbairt a bpobal féin. Bainfear na torthaí seo amach le cur i bhfeidhm an pholasaí trí: níos mó daoine a bheith ina gcónaí ar na hoileáin; níos mó daoine a bheith ag obair ar na hoileáin; na hoileáin ag cur leis, agus baint tairbhe as, an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus sochaí aeráidneodrach; agus ról gníomhach a bheith ag pobail na n-oileán maidir lena dtodhchaí féin a chruthú.
Ónár gcomhairliúchán leis an bpobal, is léir gurb é an chúis is mó a fhágann daoine na h-oileáin ná fostaíocht ar ardchaighdeáin a lorg. Tá deis ar leith againn anois an treocht sin a aisiompú. Is athrú mór do na hoileáin é an chianobair. Mar is eol don choiste, le leathanbhanda ardluais, is féidir anois an post céanna a dhéanamh ar na hoileáin amach ón gcósta agus anseo i gcathair Bhaile Átha Cliath.
Má tá níos mó daoine le bheith ag obair ar na hoileáin, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil áit chónaithe acu. Ba ábhair mhóra imní iad tithíocht agus pleanáil do phobail na n-oileán le linn an phróisis chomhairliúcháin. Sna seachtainí sular tugadh an polasaí chun críche, d’oibrigh an tAire, an Teachta Humphreys, go dlúth lena comhghleacaí Rialtais, an tAire, an Teachta O’Brien, ar na ceisteanna seo, mar is ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ar na húdaráis áitiúla atá an fhreagracht as tithíocht agus pleanáil araon. Fuair an tAire, an Teachta Humphreys, gealltanas láidir ón Aire, an Teachta O’Brien, go dtabharfaí aitheantas sna dréacht-treoirlínte pleanála do thithíocht tuaithe atá le teacht ar na dúshláin shonracha atá roimh phobail na n-oileán.
Tarraingíodh aird tríd an bpróiseas comhairliúcháin ar líon na n-áitreabh folamh nó tréigthe ar na hoileáin. Mar fhreagra air sin, d’fhógair an tAire, an Teachta Humphreys, i mí an Mheithimh go gcuirfeadh an Roinn seo íocaíocht bhreise 20% ar fáil faoin deontas athchóirithe do réadmhaoin fholamh, nó Croí Cónaithe, go sonrach chun tacú leis na hoileánaigh ar mian leo tithe folmha agus tréigthe ar na hoileáin a thabhairt ar ais mar chóiríocht chónaithe fhadtéarmach.
Aithnítear sa pholasaí gur gá réitigh fhadtéarmacha a aimsiú chun freastal ar riachtanais soláthair uisce na n-oileán. Áirítear sa phlean gníomhaíochta bearta ina leith seo atá le cur i gcrích ag Uisce Éireann agus na húdaráis áitiúla ábhartha, mar go bhfuil freagracht orthu i leith seirbhísí uisce.
Tá deis ar leith ag na hoileáin páirt a ghlacadh san aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus tairbhe a bhaint as, agus go leor acu ag glacadh páirte sa tionscnamh, Fuinneamh Glan d'Oileáin an Aontais Eorpaigh. Tagann an tionscnamh seo faoi chúram na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide atá freagrach as polasaí fuinnimh don tír ar fad.
Mar is eol don choiste, is é rochtain idir na hoileáin agus an mhórthír an riachtanas is bunúsaí dóibh siúd atá ina gcónaí ar na hoileáin amach ón gcósta, agus is líne tharrthála é do phobail na n-oileán. Bíonn tionchar ag rochtain ar gach gné de shaol na n-oileán, lena n-áirítear seirbhísí sláinte agus leasa, oideachas, fostaíocht, saol sóisialta agus an teaghlaigh, agus gnó. Tá nascacht fhisiciúil leis an mórthír ag brath ar chalafoirt shábháilte a bheith ar fáil ar na hoileáin agus ar an mórthír araon. Cuireadh feabhas suntasach ar roinnt céanna thar na blianta trí infheistíocht Stáit i dtionscadail mhóra tógála, ach tá gá le hobair ar chéanna eile sna blianta amach romhainn. Léirítear in Ár nOileáin Bheo an tiomantas d’infheistíocht leanúnach i gcéanna a fhreastalaíonn ar na hoileáin leis na mórthionscadail tosaíochta infreastruchtúir a mhaoinítear tríd an bplean forbartha náisiúnta. Áirítear leis seo forbairt na gcéanna ar Inis Oírr agus ar Inis Meáin, Contae na Gaillimhe, agus ag Machaire Rabhartaigh, Contae Dhún na nGall, a dhéanann freastal ar Thoraigh.
Ina theannta sin, leanfaidh an Roinn leis an leithdháileadh oileáin ag maoiniú clár bliantúil mionoibreacha caipitil ar na hoileáin i gcomhar leis na húdaráis áitiúla. Áirítear leis an gclár oibre sin, i measc go leor oibreacha eile, infheistíocht i gcéanna agus deisiúcháin ar shleamhnáin. Chomh maith le céanna, déantar maoiniú suntasach a infheistiú i mbóithre ar oileáin. D’fhógair an tAire, an Teachta Humphreys, i mí an Mheithimh go mbeadh cistiú imfhálaithe, nach féidir a úsáid ach ar na hoileáin, mar chuid de scéim feabhsúcháin áitiúil na Roinne as seo amach. Cuireadh leithdháileadh tosaigh €550,000 ar fáil do bhóithre ar oileáin faoin scéim in 2023.
Tar éis don Stát aerfort Chonamara a cheannach beagnach ceithre bliana ó shin, tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Roinn chun na háiseanna a thabhairt suas go caighdeán. Chomh maith leis sin, táimid ag infheistiú sna haerfoirt ar na trí oileán Árann.
Más mian linn ár n-oileáin a dhéanamh níos tarraingtí chun teaghlach a thógáil ann, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh freisin inár gcuid áiseanna áitiúla, rud a chiallaíonn go mbeidh níos mó maoinithe ar fáil do chlóis súgartha, d’áiseanna spóirt, do chosáin siúil agus rothaíochta agus d’ionaid phobail. Rómhinic, áfach, is féidir le pobail na n-oileán a bheith in iomaíocht le hiarratais ón mórthír agus, ag brath ar an údarás áitiúil, d’fhéadfadh sé nach n-éireodh le hiarratais ón oileán. Ar an gcúis sin as seo amach, beidh allúntais imfhálaithe ar leith, go sonrach d’iarratais ó phobail na n-oileán, ag príomhscéimeanna maoinithe na Roinne seo ar nós CLÁR, LIS, agus an scéim athnuachana bailte agus sráidbhailte.
Faoi Ár nOileáin Bheo, is mian linn cumhacht a thabhairt do phobail na n-oileán ról gníomhach a bheith acu i gcinntí a théann i bhfeidhm ar a dtodhchaí. Tá gealltanas tugtha ag an Roinn seo maoiniú a chur ar fáil do phobail na n-oileán chun pleananna forbartha comhtháite a fhorbairt do ghrúpaí oileán, ag cur san áireamh a gcuid tosaíochtaí féin chun pobail inbhuanaithe a chothú. Is beartas uile-Rialtais é Ár nOileán Beo agus tá aitheantas tugtha ag an Aire don chomhoibriú agus don tacaíocht ó chomhghleacaithe i Ranna Rialtais eile as a gcuid saineolais agus rannpháirtíochta leis an bpolasaí a fhorbairt. Faoi mar a d’aontaigh an Rialtas agus an polasaí á cheadú, cuirfear maoiniú ar fáil chun na gealltanais atá sa pholasaí agus sa phlean gníomhaíochta a chomhlíonadh trí bhuiséid na Ranna Rialtais, na ngníomhaireachtaí agus na gcomhlachtaí Stáit atá freagrach as na gníomhaíochtaí agus na bearta polasaí ábhartha a chur i gcrích. Tá sé seo ag teacht leis an gcur chuige a d’aontaigh an Rialtas i leith Ár dTodhchaí Tuaithe.
Tá súil agam go bhfuil léargas tugtha agam don choiste ar Ár nOileáin Bheo agus ar obair na Roinne chun tacú le pobail na n-oileán, atá mar chuid lárnach den tuath in Éirinn. Tá mé féin agus mo chomhghleacaí, Robert Nicholson, anseo sásta ceisteanna a bheidh ag comhaltaí an choiste a fhreagairt.
No comments