Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 November 2023

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Nuair a chonaic mé go raibh sábháil de €3.4 milliún nó rud éicint i gcaiteachas caipitil na Roinne, ní fhéadfainn é a chreidiúint mar go traidisiúnta bhíodh brú ollmhór ann agus i bhfad níos mó airgid sa gciste. Bhíodh brú ollmhór agus éileamh ón bpobal ann, nuair nach raibh siad leath chomh rachmasach agus atá siad anois, ar dheontais chaipitil ón Roinn. Is dóigh liomsa go bhfuil mearbhall anseo arís mar tá an oiread deontais ag dul thart. Tá ciste deontas don Ghaeltacht ag an Aire forbartha tuaithe, tá ceann eile anseo, tá LEADER ann agus mar sin de. An bhfuil aon iarracht déanta ag an Roinn le heolas a cur in iúl do na coistí áitiúla Gaeltachta ar fad, agus tá mé cinnte go bhfuil bunachar ag an Roinn de na coistí áitiúla ar fad sa nGaeltacht, faoi na deontais chaipitil atá ar fáil, an ráta deontais, na coinníollacha a bhaineann leo agus mar sin de, le tuilleadh forbairt a spreagadh sa nGaeltacht? Tá go leor hallaí pobail agus áiseanna pobail go dteastaíonn feabhas agus forbairt uathu agus go leor acu úsáidte ar mhaithe le coláistí Gaeilge.

Taobh amuigh de Choláiste Lurgan, an bhfuil aon chlár leagtha amach ag an Roinn i gcomhar le leithéidí CONCOS, na coláistí Gaeilge agus na hallaí pobail ar fad? Tá a fhios agam féin go raibh obair mhór ar bun i gConamara Láir maidir le hinfheistíocht i gcúrsaí fuinnimh sna hallaí, in áiseanna breise, cúrsaí inslithe agus na rudaí seo ar fad atá le déanamh. An bhfuil an t-eolas sin á scaipeadh go gníomhach ag an Roinn? An bhfuil plé ar bun leis na coistí deonacha ar fad ar fud na Gaeltachta le déanamh cinnte go bhfuil a fhios acu céard atá ar fáil, na coinníollacha a bhaineann leis, an ráta deontais atá ar fáil agus go bhfuil Roinn na Gaeltachta oscailte le haghaidh iarratas?

Cén uair an bhfuil súil ag an Aire go mbeidh forbairt Uimh. 6 Sráid Fhearchair réidh le dul ar aghaidh?

An bhféadfadh an tAire a rá liom an bhfuil na mná tí ar fad – nó na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge is cirte dom a rá – íoctha? Cé mhéad scoláire a tháinig chun na Gaeltachta i mbliana agus cén chaoi an bhfuil an uimhir sin i gcomparáid le 2019? Cé mhéad ar chaith an Roinn? Cén meastachán a bhí ann de chaiteachas ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana agus cé mhéad ar chaith an Roinn go dtí seo ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.