Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 23 November 2023
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an cruinniú seo chun ár mbreithniú a dhéanamh ar Mheastacháin Fhorlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí 2023. Táimid ag díriú ar chlár C de Vóta 33 - An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, a bhaineann leis an nGaeltacht agus lena n-áirítear buiséad TG4. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí 12.30 p.m., más gá. Tá súil agam nach mbeadh gá mar tá mise in ainm a bheith áit éigin eile faoin am sin.
Cuirimid fáilte roimh an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Dála Catherine Martin, agus roimh an Aire Stáit a bhfuil freagracht aige as an nGaeltacht agus Oifig na nOibreacha Poiblí, an Teachta Dála Patrick O'Donovan, chomh maith le hoifigí na Roinne: Katherine Licken, Ard-Rúnaí; Dr. Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge; Joe Healy, rúnaí cúnta; Tríona Quill, rúnaí cúnta; agus Eoin Ó Droighneáin, príomhoifigeach. Is comhaltaí ex officioden roghchoiste iad na hAirí. Mar sin, cuirim san áireamh iad mar chuid den chóram agus ar an liosta vótála. Tá na Teachtaí Aindrias Moynihan agus Fergus O'Dowd ar líne, ag teacht isteach óna n-oifigí laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Seachas an bheirt sin, tá gach duine anseo i seomra coiste 4.
No comments