Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 July 2023

Joint Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Future of Sports Broadcasting: Discussion (Resumed)

Ms Mary Ellen N? Chual?in:

Tá béim ar leith i straitéis spóirt TG4 ar thacú le spórt pobail agus le spórt mionlaigh. Clúdaíonn muid spóirt Éireannacha go forleathan, ar nós cluichí Gaelacha, peil na mban, rugbaí cúige, cispheil na hÉireann, sacar na mban agus go leor eile, mar atá leagtha amach sa pháipéar faisnéise a chuir muid ar fáil don choiste. Tá ról an-tábhachtach ag TG4 i gcraoltóireacht phoiblí na hÉireann. Tá áit againn i gcroílár shaol na hÉireann agus cuireann muid spórt saor in aisce go haer ar fáil don oiread daoine agus gur féidir linn. Tá TG4 thar a bheith bródúil as a bheith chun tosaigh i gcraoladh spóirt na mban in Éirinn agus cinntíonn muid go bhfuil spórt na mban mar thosaíocht, agus curtha ar fáil saor go haer don lucht féachana. Tá TG4 ag déanamh urraíochta agus ag craoladh peil na mban ó 2001 i leith, blianta fada sular aithin aon chraoltóir eile an tábhacht a bhain le spórt ban a léiriú.

Tá TG4 an-bhuíoch den Rialtas seo agus den Aire, an Teachta Catherine Martin, as TG4 a neartú le trí bhuiséad anuas. Mar sin féin, tá TG4 fós i bhfad chun deiridh ar chraoltóireacht mionteangacha Eorpacha eile ó thaobh maoinithe agus scála de. Sa ghearrthéarma, caithfidh TG4 a bheith ag feidhmiú ar a laghad ag leibhéal S4C sa Bhreatain Bheag ó thaobh acmhainní agus maoinithe de. Tugann craoladh beo spóirt stádas don Ghaeilge. Is é an comhthéacs náisiúnta is mó ina gcloiseann daoine Gaeilge in Éirinn ná tríd na cuir i láthair a dhéanann TG4 ar chluichí LGFA agus GAA. Creideann muid go mbeadh bunaitheoirí an Cumann Lúthchleas Gael, CLG, an-bhródúil as sin. Tá ról lárnach ag clúdach spóirt eile freisin maidir le híomhá na Gaeilge a chur chun cinn. Creideann muid gur féidir le TG4 ról níos láidre a bheith aige in éiceachóras na meán seirbhíse poiblí in Éirinn agus é ag cur chun cinn an spóirt agus ag cur chun cinn na Gaeilge ag an am céanna.

Is craoltóir foilsitheoir é TG4 agus spreag ár n-infheistíocht i spórt fás i roinnt comhlachtaí léiriúcháin spóirt suntasacha i réigiúin na hÉireann; Nemeton ina measc, a bhfuil a tionchar ar athbheochan Ghaeltacht Phort Láirge aitheanta go forleathan anois. Ó tháinig muid ar an aer in 1996, bíonn TG4 ag obair go dlúth le Cónaidhm Spóirt na hÉireann agus le comhlachtaí rialaithe náisiúnta spóirt agus tá muid an-bhródúil gur ar ár gceannaire spóirt, Rónán Ó Coisdealbha, a bhronn an Federation of Irish Sport - Association of Sports Journalists Ireland Gradam Jimmy Magee i mbliana. Mar gheall ar shocruithe teaghlaigh, tá Rónán as baile faoi láthair agus ní raibh sé in ann freastal ar an ócáid seo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.