Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá súil agam go bhfuil an teachtaireacht ag dul amach ón bplé seo go bhfuil jab le déanamh chun daoine a earcú don státseirbhís, ach go háirithe iad siúd le Gaeilge, le gur féidir linn cur leis na seirbhísí Gaeilge agus an córas i gcoitinne a Ghaelú. Tá súil againn díriú isteach ar Ranna eile, agus mar sin nílimid ag piocadh ar na hionadaithe ó na Ranna atá anseo inniu. Tá tamall againn le piocadh orthu siúd inniu agus beimid ag piocadh ar dhaoine eile amach anseo.
Sin deireadh lenár ndíospóireacht ar an ábhar seo inniu. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na finnéithe as an gcúnamh a thug siad dúinn inniu agus as ucht cuidiú linn ó thaobh na gceisteanna a chuireadh. Tá súil agam go gcuirfidh siad eolas bhreise ar aghaidh chugainn ar roinnt ceisteanna agus roinnt ábhar a ardaíodh inniu. Mo bhuíochas le Barry Quinlan, Bairbre Nic Aongusa, Jake Ryan, Claire Martinez, Naoise Grisewood, Rachel Kelly, Andrew Patterson, Deirdre Ní Néill, agus Moira Griffin. Go raibh míle maith agaibh.
Sin ráite, cuirim clabhsúr leis an díospóireacht seo don lá inniu. Tá an comhchoiste chun míreanna a phlé i seisiún príobháideach anois. Glacaimid sos gairid le gur féidir leis na finnéithe an seomra a fhágaint.
No comments