Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is é an freagra a theastaíonn uainn ná go bhfuil teachtaireacht á sheoladh ón Roinn go dtí na húdaráis go bhfuil an stádas ann agus go bhfuil sí ag glacadh leis an stádas sin. Nuair a thagann duine chuig an teorainn, is gá an teachtaireacht a sheoladh chucu agus cuireann na comharthaí sin in iúl é nuair a théann tú isteach sa Ghaeltacht. Luaigh Naoise Grisewood an cló agus an tslí ina mbíonn an t-ainm as Gaelainn níos mó nó níos sia. Nuair a bhíos ag teacht aníos inné stop an traein ag an Ráth, sé sin, Charleville. Tá fuílleach samplaí den tslí go n-oibríonn sé sa dá shlí. Ba chuma cé acu ainm fada nó ainm gairid, baineann sé le haitheantas don áit agus aitheantas mhuintir an dúiche. Cén fáth an gcuirfeadh sé sin isteach ar rudaí? Surely is féidir comhartha a dhéanamh níos mó. Ní big deal é comhartha níos mó a dhéanamh chun an t-ainm a chur as Gaelainn agus an t-aitheantas a thabhairt don phobal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.