Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Go raibh maith agaibh. Níl ach ábhar amháin eile gur mhaith liom a fhiosrú agus is í sin an chomharthaíocht. Luadh é níos luaithe. Is ábhar conspóideach é seo go minic. Nuair atá tú ag gabháil siar an bhóthair agus nuair a shroicheann tú an Ghaeltacht, tá comhartha ann ar thaobh an bhóthair mar chuid den chóras náisiúnta a léiríonn go bhfuil tú ag teacht isteach sa Ghaeltacht. Léiríonn sé sin go bhfuil stádas faoi leith ag an gceantar agus go n-aithníonn Bonneagar Iompair Éireann, TII, go bhfuil comharthaíocht faoi leith ann den Ghaeltacht. Ní dóigh liom go leantar an cur chuige sin do na comharthaí ag na junctions. N’fheadar cén fáth é sin. Cén fáth nach mbeadh comhartha nuair a thagann tú chuig an junction ag rá gurb é sin an bealach isteach sa Ghaeltacht? An bhfuil míniú éigin ar fáil chuige sin? Is réigiúin faoi leith iad. Glactar leis nuair a thagann tú chuig an teorainn go bhfuil stádas faoi leith i gceist agus cuirtear comhartha ann. Nuair a thagann tú chuig junction áfach, cén fáth nach mbeadh comhartha ag rá gurb í seo an tslí isteach sa Ghaeltacht agus comhartha mór donn ann leis na litreacha simplí “An Ghaeltacht” air? B’fhéidir gur sráidbhailte atá iontu ach cén fáth nach mbeadh comhartha ann don Ghaeltacht?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.