Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Mr. Naoise Grisewood:

Bhí orm an teachtaireacht taifeadta a chloiseann daoine nuair a ghlaonn siad ar an Roinn Iompair a athnuachan le déanaí. Mar sin, má ghlaonn duine éigin ar an Roinn ba chóir go mbeadh a fhios acu go bhfuil seirbhís Ghaeilge ar fáil dóibh. Tá seoltaí ríomhphoist tiomanta Gaeilge ar fáil ag transport.gov.ie. Ó thaobh úsáid na meán shóisialta, mar a dúirt Bairbre Nic Aonghusa, an polasaí atá ag an Roinn ná gan freagra a thabhairt ar dhaoine ar na meáin shóisialta ach má fhaighimid ríomhphost nó glaoch i nGaeilge, freagróimid i nGaeilge. Thug mé na staitisticí cheana féin agus mar a dúirt mé tá siad an-íseal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.