Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Ms Bairbre Nic Aongusa:
Níl an t-eolas againne maidir le líon na gceisteanna a fhaigheann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail i nGaeilge agus cé chomh fada is a thógann sé freagra a fháil ar ghlaoch teileafóin. Tá a fhios agam go gcuirtear ainm na Roinne ar fáil i nGaeilge nuair a fhreagraítear an fón ach ina dhiaidh sin seans maith gur duine le Béarla a fhreagródh an fón.
Ó thaobh na meán chumarsáide agus ó thaobh na meán shóisialta de, tá méadú tagtha cheana féin ar an aschur a dhéanaimid ar na meáin shóisialta. In 2022, cuireadh 6% dár n-aschur sna meáin shóisialta agus 9% dár bpreasráitis amach sa dá theanga. I mbliana go dtí seo, tá 11% d’aschur na meán shóisialta dhá-theangach agus tá 16% de na preasráitis curtha amach againn i nGaeilge agus i mBéarla. Chuireamar ceann i nGaeilge agus i mBéarla amach ar maidin, mar shampla, mar gheall ar chéibh Inis Oírr.
No comments