Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Ms Deirdre N? N?ill:

Tá. Ó thaobh na ndaoine a ndeachaigh ag traenáil sa Ghaeilge le cúpla bliain anuas de, bhí seachtar ann in 2020; naonúr in 2021; chuaigh sé suas go dtí 25 anuraidh in 2022; agus tá naonúr ann go dtí seo in 2023.

Ina measc siúd, thug an Roinn tacaíocht do thriúr dul go dtí an Ghaeltacht chun traenáil a dhéanamh ansin sa bhliain 2020 agus 2021. Is cúrsaí iad siúd in oidhreacht Chorca Dhuibhne agus na Ceathrún Rua i nGaillimh. Tá na cúrsaí sin á n-úsáid ach is faoin oifigeach féin teacht chun cinn agus an traenáil a lorg.

Aon uair a bhíonn cúrsaí nua ar fáil le linn an fhómhair agus tús an earraigh, is cúrsaí Gaelchultúr go háirithe bhíonn i gceist agus d'fhéadfaí iad siúd a fhógairt i measc na foirne. Aon duine a theastaíonn uaidh nó uaithi iad siúd a dhéanamh, de ghnáth, ligtear dóibh iad a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.