Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Níl mé ag díriú isteach ar Bhairbre ach níl sé ag tarlú i ndáiríre. Níl a ndóthain daoine ag dul tríd an bpróiseas chun a chinntiú go bhfuil caighdeán na Gaeilge á mhéadú nó á ardú an t-am uilig chun seirbhísí a chur ar fáil. Cloisim go minic nach bhfuil aon éileamh ann agus chuala mé é sin ó na finnéithe freisin. Tuigim é sin mar uaireanta níl teagmháil mhór againn leis na daoine taobh amuigh. Ag an am céanna, tá sé deacair éileamh a chothú. Rachaidh mé féin trí Ghaeilge mar tá sé níos éasca ach tá orm stuaim a chur orm féin. B’fhéidir go mbeidh duine ann le Gaeilge, b’fhéidir nach mbeidh agus b’fhéidir go dtiocfaidh siad ar ais le hoifigeach Gaeilge. Tá mé anseo ó 2016 ag éisteacht leis an rud ceannann céanna. Sin an fáth go bhfuil mé ag díriú isteach ar chúrsaí nó lucht ollscoile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.