Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

An raibh na finnéithe i dteagmháil le haon ollscoil i nGaillimh nó in aon áit eile? An bhfuil suim ag na hollscoileanna ann nó an dtuigeann siad cad atá ag teastáil ó na Ranna éagsúla? An bhfuil teagmháil leanúnach ag na Ranna leo? Cén fhóram atá ann chun na rudaí seo a chur in iúl? Tá na Ranna, de réir mar a thuigim, ar a laghad ag déanamh a ndícheall ag an bpointe seo faoin reachtaíocht. Tá deiseanna agus riachtanais ann. Cén fhóram atá ann nó cén teagmháil atá ann leis na hollscoileanna nó cibé body atá i gceist?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.