Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Ms Bairbre Nic Aongusa:
Tá an ceart ag an Teachta. Is bunús an-mhaith é agus ní chuireann sé iontas orm go bhfuil 68% le leibhéal teoranta acu mar formhór na ndaoine a chuaigh ar scoil in Éirinn d’fhoghlaim siad Gaeilge ar scoil. Tá an bunús sin ann agus is ceist é sin a spreagadh iontu.
Ó thaobh na rudaí atá i gceist againn a dhéanamh, fadó bhíodh cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht ar fáil do dhaoine óga a thosaigh sa státseirbhís. Bhain daoine an-spórt as na seachtainí sin sa Ghaeltacht. Labhraíonn daoine atá ar comhaois liomsa go fóill faoin gcraic a bhí acu nuair a bhí siad óg sa Ghaeltacht. Ní Gaeilge amháin a bhí á foghlaim acu is dócha. Ba mhaith linn an nós sin a thosú arís agus deontais a thabhairt do bhaill foirne a theastaíonn uathu dul ar staidéar Gaeilge sa Ghaeltacht.
No comments