Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Ms Bairbre Nic Aongusa:

Ní míthuiscint é sin. Sin an aidhm atá againn. Mar a luaigh mé, rinneamar suirbhé inmheánach. Suirbhé neamhfhoirmeálta a bhí ann, ní suirbhé proifisiúnta. Chuireamar amach ríomhphost agus d’iarramar ar dhaoine insint dúinn a gcumas Gaeilge a mheas ar scála 1-10. Mar a dúirt mé, dúirt 29% dóibh siúd a chur freagra chugainn go raibh cumas bunúsach cainte Gaeilge acu agus 68% go raibh cumas teoranta acu. Sílimid gur féidir linn tógáil orthu siúd agus cur leis sin. Chomh maith leis sin, bheadh muid ag súil go mbeidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag cur painéal ar fáil d’iarrthóirí a bhfuil líofacht Ghaeilge acu chomh maith agus beimid sásta poist a líonadh as an bpainéal sin nuair a thagann sé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.