Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as sin. Tá suim agam sa mbearna a luadh freisin. Níos déanaí, beidh dréacht-thuarascáil á plé againn maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Is ceist chigilteach í daoine le Gaeilge agus cén chaoi ar féidir a chinntiú go mbeidh Gaeilge ag na hiarrthóirí. Cheap dream amháin go mbeadh sé maslach scrúdú a bheith i gceist ach dar le daoine eile, tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Mar a luadh anseo, tá cáipéisí le léamh agus tá teanga theicneolaíoch ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.